Raidio Failte Fáilte

Coisceim Animated

Gael Linn Dioscaí Ceol na hÉireann Irish Music CDs
Ceallaigh Scéal ón mBlárcatha
  Tomás Mac Síomóin
= 2009.57 =
beo.ie oideas gael gleann cholmcille Irish Forum

 

Coiscéim Coisceim Leathnach Baile Home Page
Séamus s. Ó Ceallaigh Cuba James J Ó Kelly Seamus O Ceallaigh James J O Kelly and Cuba Ceannaigh an leabhar Buy the book Achéte le LivreSéamus Ó Ceallaigh agus Cuba Ceallaigh Scéal ón mBlárcatha James J O Kelly Cuba war of Independance 
Fondiúracht na Gaeilge Fonduireacht na Gaeilge

 

Coisceim Leabhair Ghaeilge Irish Language Books Priomh Foilsitheoiri na Gaeilge

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

LÍON SUAS ARÍS IAD!
le MURCHADH MAC AN AIGHNIS
Ceallaigh — Scéal ón mBlárcatha
le Tomás MacSíomóin. Coiscéim. 2009.57 - 288lgh. €10

 

 

 

 

Is beag bliain a ghabhann thart nach dtagann leabhar — úrscéal, de ghnáth — nó dhó ó pheann an tSíomóinigh. Is scríbnhneoir thar a bheith bisiúil agus raidhsiúil é, go h-áirithe ó luigh sé isteach ar an obair mar scríbhneoir lánaimseartha sa bhliain 1998. Thosaigh Tomás amach mar ghearrscéalaí agus bhuaigh duais sa ghearrscéalaíocht san Oireachtas in 1974. Ar feadh scar bliain ina dhiaidh sin ba í an fhilíocht ba mhó a chleacht sé. Ach is é bóthar an phróis a bhóthar chun na gealchathrach le blianta beaga anuas.

Is é 'Ceallaigh' an saothar is deanaí óna pheann. Úrscéal dirbheathaisneiseach atá ann ina ríomhtar eachtraí áirithe de chuid an Fhínín James J. 0 Kelly. Rugadh O Kelly i mBaile Átha Cliath. Ba dhlúthchara é le John Devoy, chláraigh sé mar bhall de na Fínínií agus de bharr a chuid oibre leo bhí air teitheadh ó Londain go Meiriceá ag pointe áirithe. Thall ansin fuair sé post leis an New York Herald agus seoladh go Cuba é in 1872, mar chineál 'comh-fhreagraí cogaidh' chun an Cogadh Deich mBliana a bhí ar siúl ag an am a fhiosrú. Chuaigh sé ann, agus ní h-amháin gur fhiosraigh sé an scéal ach ghlac páirt ghníomhach ann é féin.

Thug sé a chosa leis ar éigean, agus d'fhill ar Éirinn agus ghlac páirt ghníomhach i bpolaitíocht na tíre seo arís. Bhí caradas idir é féin agus Parnell agus toghadh é mar theachta do Westminister i Ros Comáin in 1880. Cé gur chaill sé a shuíochán in 1882, toghadh arís é in 1885 agus choinnigh sé a shuíochán gur cailleadh é i 1916, eacht nach beag.

An Cogadh Deich mBliana? Cogadh é seo a troideadh i gCuba idir 1868 - 1878. Ar thaobh amháin bhí fórsaí na Spáinne, an dream a raibh seilbh acu ar an tír ag an am sin. Ar an taobh eile bhí na Maimbísigh (an Mambi nó an Siboney), bun-dhúchasaigh Chuba, a shíolraigh ó shliocht na sclábhaithe a bhformhór a tugadh go Cuba ón Afraic chun an tír a fhorbairt d'fhórsaí na Spáinne. D'éirigh leis na Maimbísigh an cogadh a bhuacan agus saoirse a bhaint amach don chosmhuintir, saoirse atá acu go dtí an lá inniu, agus a raibh tionchar an-mhór aici ar réasúnaíocht agus ar smaointeoireacht pholaitiúil Fidel Castro.

 

Úrscéal iriseoireachta dúshlánach é 'Ceallaigh' a théann i ngleic le réiteach coimhlinte níos mó na ní ar bith eile. Úrscéal dúshlánach a deirim, mar nach stíl éasca, shimplí, thraidisiúnta a chleachtaigh Mac Síomóin ach stíl chasta, dhlúth, neamhleithscéalach. Tá péire charachtar (ar a laghad!) san úrscéal —Séamas S. 0 Ceallaigh, iriseoir Gaeilge leis an nuachtán Teachtaire na hÉireann — gan ach an fhírinne ghlan. Amhail James J. Kelly roimhe, seoltar chun Cuba é chun réimeas Castro a fhiosú, i measc nithe eile.

Tá sé suite go príomha sa lá atá inniu ann, ach is é eachtraí Uí Cheallaigh ón naoú h-aois déag is mó a leagtar béim orthu. Deirtear linn gur úrscéal eile é seo 'a dhiúltaíonn cloí le seanrialacha an chluiche', pé chiall atá leis sin.

Mar scríbhneoir agus mar thráchtaire tá Mac Síomóin ag cur faoi sa Chatalóin le tamall maith de blianta anois, i bhfad ón gcluiche, shílfeá! Tá sé ráite agam cheana agus dearfaidh mé arís anois é: is scríbhneoir an-chumasach é Mac Síomóin a bhfuil buanna agus scileanna faoi leith ina arm aige. Is smaointeoir cumasach é chomh maith nach leasa leis a thuairimi láidre, réabhlóideacha, conspóideacha, neamh-gheilliúla a nochtadh.

Ní úrscéal 'éasca' é seo. Snáth casta atá ann agus beidh ar an léitheoir léimt go tapaidh ó mhogall amháin go mogall eile, ionas nach raghadh sé/sí greamaithe ann. Is é an tús an chuid is laige den úrscéal, dar liom. Bíonn sé deacair don léitheoir a bhealach a dhéanamh isteach sa scéal le méad na míreanna gonta atá gan cheangal, cheapfá uaireanta. Tá baol ann go bhféadfa an léitheoir a chur ó dhoras, agus is cuma cad a deir éinne is é an léitheoir an rí i bhforaois seo na leabhar. Bhí riamh agus beidh go deo. B'fhearr go mbeadh sé roinnte i gcaibidlí seachas i míreanna beaga bídeacha. Ní do duine na tuairim, ar ndóigh.

Tá scéal tábhachtach á ríomh aige, scéal domhanda bunaithe ar an gcoimhlint phrimitiveach idir an láidir agus an lag. Coimhlint é seo a bhí ar siúl, atá fós ar siúl agus a bheidh ar siúl a fhad is a mhairfidh an cine daonna beo. Insíonn Mac Síomóin an scéal dúinn go cróga, dúshlanach, agus cé go loiteann an ró-ómós do cheird na hiriseoireachta é ag amanta, fós is iarracht mhacánta, neamhleithscéalach atá ann. Agus mar chéardaí agus mar smaointeoir radacach níl a sharú le fáil.

Molaim an saothar seo. Is fiú é a léamh agus sup a bhaint as.

 

 

 

 

 

Seachtain na GaeilgeIonad Buail IsteachRéalt UladhForbairt FeirsteClub an ChonradhGaelScéal An Nuacht Nuacht na Gaeilge The Irish News in Irish Gael Scéal