An tAthair Pádraig Ó Duinnín
Biddy Jenkinson
Cara le Searbhlach de Hoilm agus an tUasal Bhatson é an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tagann siad chuige ag lorg cabhair mar go bhfuil an Professor Moriarty chun an Bhanríon a fhuadach. Lean eachtraí na mbleachtaire ó tús go deireadh ó bás amháin go dúnmharú eile le fáil amach 'Cé dhein é?' Maisithe le léaráidí Ribo . 
Clúdach: Ríbo - 246 lgh -
2010.45 -
Clúdach:
Dara Ní Bheacháin - 2010.29 - 304 lgh -
Catullus Gaelach
Eag: Pádraig B. Ó Laighin
Filíocht Gaius Valerius Catullus (c:87RC) aistrithe go Gaeilge ón mbunleagan Laidineach. Tá obair fíor-mhaith déanta ag na filí seo leanas air: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Áine Uí Fhoghlú, Aogán Ó Muircheartaigh, Biddy Jenkinson, Breandán Ó Doibhlin, Brian Stowell, Bríd Dáimhís, Bríd Ní Mhóráin, Ceaití Ní Bheildiúin, Celia de Fréine, Ciarán Ó Coigligh, Claire Lyons, Colette Nic Aodha, Colm Breathnach, Dairena Ní Chinnéide, Deirdre Brennan, Derry O Sullivan, Diarmuid Ó Gráinne, Dolores Stewart, Domhnall Mac Síthigh, Dónall Ó Cuill, Gabriel Rosenstock, Gearóid Mac Spealáin, Gearóid Ó Cléirigh, Liam Prut, Lodaigh Mac Fhionnlaoich, Louis de Paor, Máire Mhac an tSaoi, Máire Úna Ní Bheaglaoich, Máire Nic Mhaoláin, Mícheál Ó Cuaig, Mícheál Ó hUanacháin, Mícheál Ó Ruairc, Nuala Reilly, Paddy Bushe, Pádraig B. Ó Laighin, Pádraig Mac Fhearghusa, Pádraig Ó Máille, Pádraig Ó Snodaigh, Philip Cummings, Rody Gorman Sean Hutton, Seán Mac Mathúna, Seán Ó Curraoin, Seán Ó Luaing, Simon Ó Faoláin, Siobhán Ní Shíthigh Tadhg Ó Dúshláine, Tomás Mac Síomóin
Féilire 2011
Cliodna Cussen
Cnuasach filíochta i measc na míosa. Maisithe, le léaráidí iontach, ag Seán Ó Flaithearta. Filíocht le Kristina Ehin, Gabriel Rosenstock, Pádraic Ó Láimhín, Derry O Sullivan, Nuala Reilly, Pól Ó Muirí, Peadar Ó hUallaigh, á dtionlacan gach mí.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2010.20 - 14 lgh
1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 Baile
Na Róid Allta
Liam Hodder
Cnuasach filíochta ó 1327. Scéal fada sna dánta álainn seo ar an gaol agus an grá a bhí ag Peatrarc do Luara ar feadh 40 bliain i aineoin gur bhfuair sí bás i 1348. Tá 366 dán sa Rerum Vulgarium Fragmenta as a dtáinig na dána seo. An Grá Spioradálta gan Smál. Tá 40 de na dánta san sa leabhar seo, aistrithe go máistriúil ag an t-údar. 
Clúdach: Petrarc & Laura Josef Manes - 64 lgh - 2010.10
Uimhir 7: ón gCroí nach dtuigeann
Louis de Paor
Breis le 25 dán anseo le fairíse súil is dathadóireacht na bhéarsaí. Seo éacht eile atá déanta ag an bhfile le cumhracht na bhfocal. Dánta maothintinneach, suimiúil, gasta, áthasach. Filíocht iontach, álainn, taitneamhach ag calmú a sheasamh mar duine de na filí Gaelach is fearr in Éirinn. Más fiú a léamh, is fiú
Cúdach: Shirley Bourke- 2010.16 - 128lgh -
An Blas Muimhneach 2 Iml: II
Breandán 'ac Gearailt
An dara imleabhar de chnuasach mór d'amhráin thraidisiúnte Chúige Mumhan. Tá breis is 200 amhráin sa leabhar seo le cuir síos ar na fílí is amhránaithe a chum agus a scaip na h-amhráin ghalánta seo. Filí ar nós Tadhg Ó Sé, Tomás 'Rua' Ó Súilleabháin, Danny Ó Súilleabháin agus Seathrún Céitinn ina measc.
Clúdach: An Spailpín Seán óg Mac Cromthainn - 442 lgh
-
2010.01 -

Pobal an Stáirt agus an Ghaeilge, 1920-1939
Seán Breandán Ó hUallacháin
Cén crut a bhí ar eagraíochtaí Stáit agus Teanga ag tús an Stáit nua? Ainilís miltinneach ar stádas na teanga ó na 20dí agus meon na ndaoine ina treo. Briseadh síos anseo ar na bhfigiúirí, na daoine ab chúis le h-athruithe suntasacha a bhí ciontach le borradh agus laghdú na teangan. Seo léiriú mhaith ar mheoin na stáitseirbhíse san am.
Clúdach: Valerie Seery - 456 lgh - 2010 - 04

BARR
An Ród go Durlas Éile
Seán Ua Cearnaigh
Seo scéal a bhuaigh duais Cumann Lúthchleas Gael i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2oo9. Tosnaíonn an scéal i 1863 agus Mícheál Cíosóig ina dhéagóir. Ba é an lúthchleasaí ab oilte i nDúiche Léim an Eich i gCo. an Chláir. Seo scéal an-taitneamhach faoin Ród go Durlas Éile agus bunadh Cumann Lúthchleas Gael i 1899.
- 2010 - 02 - 46lgh - 
An Inis
Máire Áine Nic Gearailt
Cnuasach filíochta 22 dán anseo agus na leathanaigh maisithe go gleoite ag Ribó. Filíocht álainn bríomhar don aos óg ar nós: Na Dineasáir, Oíche Shamhna, Jeaic agus an Gas Pónaire, Dustin agus Mo Mhadra mar shamplaí . . .
Cúdach: Ríbo - 2010.15 - 32lgh -
<----- Clic ar an íomhá ar chlé
Ómós Mhichíl
Mícheál Ó Fionnáin
Cnuasach filíochta a d'fhoilsigh Salmon Poetry i dtús sa leabhar Homage. Rinne Aogán Ó Muircheartaigh athleagan orthu agus tá breis le céad dán sa leabhar seo le tú a chuir ar do shuaimhneas agus tú ag dian machnamh ar na h-ábhair filíochta go léir atá clúdaithe go fonnmhar ag an fhile. Seo é Bard Chiarraí i muinín a mhiota.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2010. 17 - 120 lgh
An Gleann
Brian Ó Gráinne
Leabhar do pháistí 8 - 12 bliain d'aois. Seo é an chéad leabhar le Brian Ó Gráinne. Scéal iontach eachtrúil faoi laidín óg - Seán, a bhfuil a chroí sa ghleann agus a cháirde - na h-ainmhithe. Ach tá trioblóid uafásach in ann don ghleann. Scrios ollmhór beartaithe ag an tochaltóir. Cad gur féidir a dhéanamh leis An Gleann a chosaint? Clúdach: Dylan Curley - 36 lgh - 2010.21 
Púca gan Dealramh
Ceaití Ní Bheildiúin
Cnuasach filíochta agus daichead dán iontach saibhir idir na cludaigh sa leabhar seo. .
Clúdach: Cliodna Cussen - 2010.23 - 76lgh -

Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin
(Séamas Mac Amhlaoibh) Pádraig Ó Baoighill
Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill. Scéal a bheatha, a dúiche, a cháirde is a mhuintir. Tá dhá diosca ag dul leis an leabhar seo ar a gcloistear an scéalaí é féin ag nósadh dhá scéala dúinn. An Rí Ó Domhnaill - faoi chaisleán Dhún na nGall
Clúdach: Séamas Mac Amhlaoibh- 2010.22 - 124lgh -
<----- Clic ar an íomhá ar chlé
Dán Nollag faoin Samhradh
Gréagóir Ó Dúill
Seo cnuasach nua de 35 dánta gleoite eile ó fhile cháiliúil a bhfuil níos mó ná 10 leabhar dá chuid filíochta curtha i gcló cheanna agus atá á athcló de shíor de bharr go bhfuil an-éileamh ar shaothar Uí Dhúill.
Clúdach: Valerie Seery - 2010.24 - 60lgh -
Seán Bán Mac Grianna
Scéalta agus Amhráin
Eag. Seán Mac Corraidh
Rugadh Seán Bán Mac Grianna (1905-1979) i Rann na Feirste. Bhí sé oilte sa scéalaíocht, san amhránaíocht agus sa chumadóireacht. Fidléir ar dóigh a bhí ann fosta. Cuir síos anseo ar a óige, a shaol agus amhráin, scéalta agus filíocht a chum sé. Tá dhá diosca i dteannta an leabhar seo leis na hámhráin, filíocht agus scéalta orthu.
Clúdach: Valerie Seery - 2010.19 - 118lgh -
Scéalta Ban ó Thuaisceart na hÉireann
Silvia Calamati Leagan Gaeilge : Seán Mac Aindreasa
Cnuasach de agallaimh a rinne an t-údar le mná lena scéal féín agus a tharla dóibh le linn na coimhlinte le déanaí i dTuaisceart na hÉireann. Mná ar nós Bernadette Sands, Róisín McAliskey, Martina Anderson agus Rosemary Nelson ina measc. Is leabhar an-cháiliúil é seo go h-idirnáisiúnta atá anois ar fáil i gceithre teanga; Iodáils Spáinnish Béarla agus anois i nGaeilge. Women's Stories from the North of Ireland.
Clúdach: Silvia Calamati - 146lgh -2010.27 -
Ó Ishi go Hopi Boy
John Walsh & Lillis Ó Laoire
Is minic lucht an Gaeilge ag cásamh faoin teanga agus an baol ann ón Béarla. Is fíor gur imir leathnú chultúr an Bhéarla drochthionchar ar theangacha dúchais, go háirithe ar fud fad Mheiriceá. Tá teangacha bundúchasacha ann ina bhfuil ach dornán beag á labhairt. Níl aon ábhar oiriúnach Gaeilge do mhic léinn chun dul i ngleic le meathlú theangacha dúchasacha na cruinne. Sa leabhar seo tá spléacadh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh teangacha bundúchasacha a aithneartú in iardheisceart Mheiriceá.
Clúdach: Liam Ó hAisibéil - 2010.28 - 50lgh -
Mo Ghúna Síoda Buí
Eibhlín Uí Iarlaithe
Seo é an dara cnuasach filíochta ó Eibhlín Uí Iarlaithe. Tá 48 dán álainn sa leabhar seo. Dánta aoibhinn aoibhiúil a bhfuil oiriúnach do foghlaimeoirí, leanaí agus léinn. Tá bua na ríme is rannaireachta ag an t-údar a bhfuil le mothú i ngach dán. Dánta na saolta, dánta na spraoíonna, dánta na farraige ina measc.
Clúdach: Dómhnal Ó Bric - 2010.33 - 76lgh -
Ó Chill Chaoi go Cill Eoin
Clár Lámhscríbhinní Chlann Domhnaill
Liam Mac Peaircín
Séard atá sa leabhar seo ná insint chuimsitheach ar mhám lámhscríbhíní i seilbh príobháideach ag Clann Domhnaill i Sussex. Ba é William Edward Armstrong-MacDonnell a mhair i Chill Eoin i gCo. an Chláir a bhailigh na lámhscríbhinní sa dara leath den 19ú aois. Sa bhliain 1764 bhog Clann Domhnaill ó Chill Chaoi go Cill Eoin.
Clúdach: - 2010.26 - 148lgh -
21 Dán - 21 Poemes - 21 Poemas
Tomás Mac Síomóin
63 dán i ndáiríre atá sa leabhar seo. Ach is na dánta céanna iad i dtrí theanga. 21 Dán i nGaeilge. 21 Dán i Spáinnish, 21 Dán i gCatalóinis. Tá na leathanaigh laistigh maisithe go gleoite le léaráidí ó Karen Dietrich (www.karendietrich.com). "Má éiríonn leis an saothar seo droichead beag a thógáil idir domhain na Gaeilge agus lucht labhartha na Catalóinise agus na Spáinnise, aireoidh mé gurab fhiú go mór an iarracht" Tomás
Clúdach: Karen Deitrich - 120 lgh
-
2010.44 -

Macallaí na Cásca 7; 1916 Cois Laoi
Frainc Ó Murchadha
Seo an 7ú leabhar sa tsraith Macallaí na Cásca. Bunaíodh Óglaigh na hÉireann ar 25ú Samhain 1913 le linn cruinniú sa Rotunda Rink i mBaile Átha Cliath. Bhí Diarmuid Fawsitt ag freastal ar an chruinniú sin, rúnaí ar an Cork Industrial Developement Association ag an am.
Macallaí na Cásca: 1 2 3 4 5 6 7 .
Clúdach: Oglaigh Chorcaí 1915 - 96 lgh - 2010.25 
Aoibhinn Beatha an Scoláire
Colm Mac Confhaola
Úrscéal nua. Scéilíni, Scéalta agus Scéal na n-óg agus iad ag fás aníos ina dhéagóirí.
- 2010.30 - 344lgh -
Dánta Eoin Pól II
Aist: Ciarán Ó Coigligh
Filíocht ón Phápa Eoin Pól II (Karol Wojtyla), file cumasach, an t-aon phápa riamh a tháinig ar chuairt go hÉireann agus a labhair Gaeilge linn. Breis le 100 dán atá aistrithe go Gaeilge ag Ciarán Ó Coigligh sa leabhar seo. Filíocht fhealsúnach shuntasach a bhfuil eagraithe i sraitheanna de dhánta faoina gcaibidil féin. Ina measc an Triptic Rómhánach: Maranaí (Roman Triptych).
Clúdach: L'Osservatore Romano - 2010.35 - 224lgh -
Seán Ó Sé Cuimhní Cinn, Cuimhní Pinn
Eagarthóir: Liam Prut
Seán (Ghallarais) Ó Sé (1939-1995) a saolaíodh i nGallaras i gCorca Dhuibhne, Contae Chiarraí. Leabhar í seo in ómós do Sheán ina bhfuil cnuasach de na hAistí, Dánta agus na Gearrscéalta a scrí sé. Ina dteannta san tá Léirmheasanna a rinne sé ar leabhair agus irisí le linn a shaol. Tá cuimhní cinn a chlann, gaolta agus a cháirde le léamh anseo chomh maith.
Clúdach: Fionnuala Ní Shé - 184 lgh -
2010.32 -
Crithloinnir
Caitríona Ní Chléircín
Seo cnuasach nua de na dánta is áille a léifidh tú le tamall. Tá breis le seachtó dán sa chnuasach seo. Dánta ón croí faoi'n gcroí, ón nádúr faoi'n nádúr, ón duine féin faoi'n duine féin. Sruth na bhfocal i stíl soineanta a gcasann tuiscint ón ghnáth, a bhronann ort suaimhneas intinne a dhíbreófaí an strus in aghaidh an aird. An t-aon sárú atá ar na dánta anseo ná an t-údar féin i do chuideachta á léamh os ard. Dán in ndiaidh Dán . . . .
Clúdach: Seán Cannon- 2010.34 - 88lgh -
Rúnimirce an Anama Rogha Dánta
Gabriel Rosenstock
Rogha dánta ón bhfile Nikola Madzirov curtha i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock. Tá rogha dánta, breis le 60, sa leabhar seo. Filíocht beo. Dánta an-shuimiúil ina gcruthaíotar íomhánna den ghnáthshaol a n-aithníotar láithreach mar cuid denár saol féin in aineoin gur cumadh na dánta sna Balcáin.
Clúdach: Maria Zervou - 2010.09 - 190lgh -

Céilí san Oíche
Rody Gorman
Seo cnuasach nua de 35 dánta prós snasta ó fhile cháiliúil a bhfuil ina chónaí ar Eilean Sgitheanach in iarthar na hAlban. Idir an Fhilíocht agus An Amaidí ina measc. Tá dornán ceannóga (Haiku) cliste casta le h-aimsiú sa leabhar chomh maith.
Seo libh ar Turas Nam Bàrd . . . . .
Clúdach: Valerie Seery - 2010.08 - 44lgh -
Gus d'Aon Turas
Seán Ó Meara
Cé hé Gus? 'gus cá ndeachaigh sé? Seo úrscéal an-mhaith ar an saol sna 60dí in Éirinn agus san Eoraip.
Clúdach: Seán Ó Meara - 2010.11 - 290lgh -
Buile Shuibhne
Seán Ó Sé
Leagan nua-Ghaeilge ar ar cheann de chlaisicí na Gaeilge. Scéal claisiceach é Buile Shuibhne.
Clúdach: Fionnuala Ní Shé - 2010.31 - 116 lgh -

An Guth 6
Rody Gorman
Seo cnuasach nua de dhánta agus filíocht prós ó na scríobhnóirí Gael in Éire is Alba.
An Guth 1 2 3 4 5 6 7 <-(clic ar an uimhir)
Clúdach: Torú Takashima- 2010.07 - 200lgh -
Dva (a Dó)
Eag: Eoghan Mac Aogáin
Gabriel Rosenstock
Díolaim de Nua-Litríocht na Slóivéine.
- 2010.18 - 400lgh -
Cliúsaíocht as Gaeilge
Making out in Irish
Aist: Rossa Ó Snodaigh
Cliúsaíocht as Gaeilge dóibh san gan misneach. Cad a déarfá leis an chailín nó buachaill id' theannta trí Gaeilge agus gan agat ach an cúpla focal? Seo deis iontach do foghlaimeoirí agus eachtrannaigh cleachtas na cliúsaíochta a chleachtadh le Gaeilgeoirí. Díolam nathanna cainte an chaidrimh agus na collaíochta, gan dearúd a dhéanamh ar an cháirdeas agus an chúirtéireacht. Leabhar fíor-taitneamhach.
Clúdach: Frantisek Valouch - 2010.37 - 124lgh - 
Stádas na Gaeilge san Ardteistiméireacht
Na Réasúin Leis !!
Maolsheachlainn Ó Caollaí
Tá freagracht Náisiúnta agus Eorpach orainne go léir i leith teanga ársa de chuid na hEorpa: ba í an Ghaeilge an chéad teanga scríofa dhúchais in Iarthuaisceart na Mór-Roinne. Loitiméireacht chultúrtha agus náisiúnta a bheadh ann an Ghaeilge a bhaint de chroí an churaclam.
- 2010.39 - 56 lgh -

Bealtaine
Brian Ó Baoill
Úrscéal é seo atá oiriúnach do fhoghlaimeoirí fásta. Tá an scéal seo bunaithe ar eachtraí a tharla c.1649AD nuair a bhí an cogadh dearg ar siúl idir airm Cromwell agus Aodh Dubh Ó Néill. Bhuaigh Bealtaine duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais.
Clúdach: - 2010.40 - 144lgh -

Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige
Eag: Pádraic Ó Cearra
Rugadh an scéalaí Séamus (Jimmí) Cearra i gClochar na Locha atá os cionn an Lochán Bhig i 1927. Tá dhá chuid sa leabhar seo. Sa 1ú chuid tá scéalta is seanchas mar a scríobh sé é agus sa dara chuid tá rogha as tráchtas MA a scríobh an t-eagarthóir faoi stiúir Bhreandán Uí Chonaire i gColáiste Phádraig, Drom Chonrach. AS CLÓ
Clúdach: Jimmí Chearra - 2010.36 - 530lgh -
1916 Seachtar na Cásca
Aindrias Ó Cathasaigh
Seo an leabhar a théann leis an sraith cláranna teilifíse den ainm chéanna a craoladh ar Theilifís na Gaeilge - bealach a ceathair (TG4). Tá aithne ag an domhain ar na seacthar n-ainm ar bhun Fhorógra na Poblachta, ach anseo cuirtear na fir in aithne dúinn ar bhonn níos phearsanta. Tá neart grianghrafanna eisiacha ón tsraith teilifíse (TG4) sa leabhar chomh maith.
Clúdach: Abú Media, Colm Hogan, Seán T. Ó Meallaigh - - - 2010.46 - 120 lgh -
Mo Dhá Róisín le 'Máire'
(Séamus Ó Grianna) Eag. Nollaig Mac Congáil
Seo anois eagrán úr den chéad úrscéal riamh le 'Máire'
Clúdach: Valerie Seery - 2010.06 - 142lgh -
BARR
Ó Rian go Sáil
Diarmuid Ó Gráinne
Dialann Tuaithe atá sa leabhar seo agus tá cuir síos beomhar ar an tsaoil faoin tuaith na linne seo. Cuir ort do Wellingtons agus léigh tríd an leabhar ó thús go deireadh agus tógfar tú ar thuras bliana amhail is gur mhair tú féin ann in éindí leis. Smaointe fánacha agus tuairiscí macánta ar gach aon ní a chorraíonn. Níl a intinn stálaithe ag an mbeag is fiú. An-taitneamhach!
- 2010.51 - 120lgh -
Guthanna Beannaithe an Domhain Iml: 2
Gabriel Rosenstock
Seo í an dara leabhar sa sraith Guthanna Beannaithe an Domhain. Breis le 115 dánta beannaithe sa leabhar seo - 30+ Haiku ina measc. Saothar iontach ábhartha eile atá sa bhailiúchán seo ina bhfuil dúthracht beannaithe nádúrtha agus spioradálta mar sprioc san machnamh don léitheoir agus a bhfuil fuáilte isteach i ngach leathanach. GB1
Clúdach: Cliodna Cussen - 2010.05 - 100lgh -

BARR
BARR
Herzschlag - Heartbeat - Buille Croí
Walter Helmut Fritz
Aistriú: Hans Christian Oeser/Gabriel Rosenstock
Seo í an 10ú leabhar sa sraith trí-theangach d'fhilíocht na Gearmáinise. File grá den scoith is ea Walter Helmut Fritz agus tá breis le 65+ dánta grá sa chnuasach seo le liricí simplí, casta, cneasta, grá.
" . .Ach tá a fhios agam cé comh h-álainn is atá sé nuair a thugaimid aghaidh ar a chéile . . ."
Clúdach: Amadeo Modigliani - 2010.53 - 213lgh -

Tá na Barbaraigh ag Teacht Inniu
Eoghan Mac Aogáin
Rogha dánta ón Nua-Ghréigise aistrithe ag Eoghan Mac Aogáin. Cnuasach de 32 dánta sa Ghréigis agus aistriúchán Gaeilge lena h-ais. Tá léiriú maith iontu ar thús na nua-fhilíochta sa Ghréig, ó Dhiníseas Solomos, go luath sa 19ú aois, síos chomh fada le deireadh na ndeachtóirí sa bhliain 1974
Clúdach: Valerie Seery - 2010.42 - 110lgh -
<----- Clic ar an íomhá ar chlé
An tAilceimiceoir
Paulo Coelho
The Alchemist le Paulo Coehlo aistrithe go Gaeilge ag Séamus Ó Coileáin.
Clúdach: - 136 lgh - 2010.50 -
Áilíos
Colette Nic Aodha
Cnuasach nua ón néamhann. 38 dánta aoibhinn le scéilín álainn i chuile ceann acu. Ag scéalú eachtraí na drúise agus eachtraí thar lear, i gcéin is i gcóngar. Anseo atá sóchas le mothú ag sileadh amach ó chlúdach go clúdach ag cothú na scéimhe gleoite ón chailín canta seo. Filíocht gleoite a léifeá arís is arís eile go dtí go dtacmhaingítear chuile bhriathar ann.
Clúdach: Fidelma Sheridan -- 2010.56 - 68lgh -
Athfhianna - An Chéad Bheirt
Cóilín Ó Corrbuí
Úrscéal, Gearrscéal do dhéagóirí a bhfuil fíor-taitneamhach. Tá beirt déagóirí, Déaglán agus Ciara ag iarraidh plé leis an saol agus a gcuid múinteoirí nuair a thosaíonn na h-eachtraí. Bíonn cath fonnmhar leis na JCBs ag cuir deireadh leis an Ghinearáil 'An Dochtúir Craos'. Ach, an sin deireadh leis go h-iomlán?
Clúdach: Cliodhna Cussen - 2010.57 - 64lgh -

Clapsholas
Mícheál Ó Fionnáin
Cnuasach nua dánta ón fhile aitheanta dhuibhneach 24 dán machnamhach cumhach. Ón Clapsholas tá sé scríte. " . . Sa chlapsholas deinim machnamh -
Tá pian sa Bhreith,
sa Bheatha,
sa Bhás
agus saoirse san Aiséirí. . . "
-- 2010.58 - 32lgh -
Cara go Brách
Maidhc Dainín Ó Sé
Seo h-é an t-úrscéal nua ó Mhadhc ar a raibh muid uilig ag tnúth leis. Faoi dheireadh i gcló. Leabhar iontach saibhir le scéal bhreá eachtrúil a gcoimeádfaidh id' dhúiseacht thú mar nach féidir é a chuir síos. Bíodh bosca ciarsiúir in aice láimhe chomh maith.
Clúdach: -- 2010.49 - 132lgh -
An Tarrtháil
Dónal Murray
Úrscéal, gearrscéal do dhéagóirí a bhfuil fíor-taitneamhach. Scéal eachtrúil faoi fuadach gar-iníon an tIar-Cheannfort Klaus Wallner. Tá sí i gcilín i gcaisleán Kornica sna Balcáin faoi chosaint armtha. Tá ar Herr Obersturmbannfuhrer Wellner, a seanathair atá sna 70dí, complacht beag a eagrú agus eitilt ó Chill Dara lena tarrtháil. An dara duais sa chomórtas Oireachtas 2011
Clúdach: Valerie Seery - 2010.52 - 120lgh -

BARR
Trasna na Machairí
Micheal Mullen
Ba iad na blianta idir 1847 go 1849 na blianta ba mheasa ag muintir na hÉireann agus iad ag líonadh isteach i gcathair Nua-Eabhrach. "Tá machairí na tíre seo ag glaoch orm," arsa Mícheál, é braon den mianadóireacht tolláin agus an sclábhaíocht i Nua-Eabhrach. Cuir síos go beacht anseo, ar scéal an turais bhaolaigh trasna na machairí sna vaigíní go Gleann Napa. Scéal fíor-taithneamhach.
- 2010.55 - 72lgh -


Emily M. Weddall - Bunaitheoir Scoil Acla
Iosold Ní Dheirg
Conraitheoir & Náisiúnaí tréan a bhí inti a rinne sár-obair sa ghluaiseacht teanga in iarthar na hÉireann. Emily Arabella Maynard de Búrca a rugadh i gCill Chonaill in Oirthear na Gaillimhe ar an 18ú de Meán Fómhair 1867. Mar a scríobhadh sa Mayo News fuithi i 1912 '...Mrs E.M. Weddall, the pioneer of the modern revival...'
Clúdach: Ruth Cussen - 2010.38 - 110lgh -
D'imigh sin agus Tháinig seo
Séamua Mac Seáin
Scéal stairiúil. Dírbheatháisnéis ar shaol agus saothar duine de laoch na Gaeilge i mBéal Feirste. Gan é ní bheadh a lán.
Clúdach: Paul Maguire - 2010.59 - 296lgh -
An Fear sa Ghealach
Philip Cummings
Cnuasacht filíochta agus Focail Faoin Teidil laistigh. Trí dán dhéag - cliste, meabhrach, greannmhar. Smaointe domhain agus smaointe gealaigh. .
Clúdach: Valerie Seery - 2010.48 - 38lgh -
Faigh Greim ar an Ghrian
Proinsias Mac a' Bhaird
Sa leabhar aoibhinn seo tá saothar neamh-ghnách. Tá breis le 45 dán curtha le céile i gcaibidil - 8 gcinn acu! Ní minic a dtagann cnuasach breá filíochta ár dtreo ach tá siad sa leabhar seo, gan dabht. Tá na grianghrafanna ann de na faoileáin go h-iontach, chomh soiléir agus iad ag eitilt go h-ard sa spéir ag lorg greim den ghriain.
Clúdach: Scoth na Loinge, Árainn Mhór - 2010.47 - 84lgh -
TÁ LEABHAIR 2010 AR LIOSTA ANSEO
AON FHADHB NÓ MOLTAÍ FAOIN SUÍOMH SEO CHUIG
coisceim[a]coisceim.ie
GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: leabhairgaeilge[a]eircom.net
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

Snámhóirí Gaeltachta agus Scéalta Eile
Gabhán Ó Fachtna
Seo an triú leabhar ó pheann Uí bhFachtna. Cnuasach doiséan gearrscéalta fíor-thaitneamhach.
- 2010.13 - 192lgh -
SUÍOMH SNÁTHA 0879460075 TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE