1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 Baile
Coiscéim Logo Dearg
sa bhliain 2016 l'aneé 2016 In the year 2016

 

 

 

 

A Ghaeil - Cabhraigh leis na Gaeil !

 

1916 Macallaí na Cásca 13  Na Laochra seo 'gainne le Breandán Mac Gearailt
1916 Macallaí na Cásca 13
Comhghuaillithe na Réabhlóide
Pádraig Ó Snodaigh
Sonraí údarásacha ar na trí comhghuaillí a luadh i bhForógra na Poblachta. Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus Arm na Saoránach, 1913-1916. Ba mhór an t-ábhar mórtais a bhain leo. Cíorfar go mion an caidreamh a bhí eadarthu agus an comhaidhm réabhlóide acu.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.01 - 204lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
1916 Macallaí na Cásca 14 Comhghuallaithe na Réabhlóide le Pádraig Ó Snodaigh
Macallaí na Cásca 14 Na Laochra seo Againne
Breandán Mac Gearailt
Uimhir 14 sa sraith. Na laochra s'acusan i gCorca Dhuibhne. Óglaigh na Gaeltachta agus Slógadh na Cásca 1916. Seo cuir síos mar a thug 20 Óglach ó pharóiste an Fhirtéaraigh aghaidh ar Thrá Lí de shiúl cos. Ní raibh tuairim acu gur le bualadh le Ruairí Mhic Easmainn agus an lasta mór gunnaí aige ón nGearmáin ar bhord an long Aud do Óglaigh na hÉireann. Seo tuairisc ó bhéal ochtar den bhfiche san a bhí ann beo .
Clúdach: Valerie Seery - 2016.02 - 58lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

 

 

 

 

 

1916 Macallaí na Cásca 15 Seachtain na Cásca 1916 i nGaillimh le Ailbhe Ó Monacháin  1916 Easter week in Galway Easter Rising Irish Revelution against British rule
Macallaí na Cásca 15 Seachtain na Cásca i nGaillimh
Ailbhe Ó Monacháin
Dúirt a lán scríbhneoirí, poblachtaí fiú, go raibh tromlach mhuintir na hÉireann in aghaidh an Éirí Amach go dtí gur chuir an Ginearál John Maxwell na ceannairí chun bháis. Níl sé sin fíor i dtaobh na ndaoine coitianta i nGaillimh. Bhí slua mór Óglach agus cailíní de Chumann na mBan i gContae na Gaillimhe. Go minic le linn na seachtaine sin rinneadh ionsaí ar bheairicí póilíní. Seo scéal Óglach a bhí ann nuair a bhí sé gníomhach le Fir an Iarthair. Fíorscéal.
Clúdach: Ailbhe Ó Monacháin - 2016.04 - 72lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

1916 Macallaí na Cásca 16 An tÉirí Amach sa Domhan Thoir le Peter O Connor Cheungwei Ilbo Maeil Sinbo
1916 Macallaí na Cásca 16
An tÉirí Amach sa Domhan Thoir
Peter O Connor
Cén scéal faoi Éirí Amach na Cásca a bhí i mbéal an phobal thar lear nó sna meáin i gcéin? sa tSeapáin, An tSín nó an Cóiréa fiú? I 1917 bhí an tuairim ann, gurbh í an Chóiré 'Éire na Seapáine', ag teacht chun cinn. Thart ar an am gcéanna maíodh gurbh í Éire, 'Cóiré na Breataine'. Sliochtanna as roinnt nuachtáin ón Oirthear. Tá an Cóiré roinnte fós, agus Éire . . . .
Clúdach: Toru Takashima - 2016.16 - 48lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

Tost agus Allagar le Ailbh Ní Ghearbhuigh cnuasach filíochta Gaelic Poetry Irish poet
Tost agus Allagar
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Bhí sibh ag tnúth go mór leis. An dara chnuasach uaithi. Filíocht láidir liriciúil atá chomh h-uirbeach, idirnáisiúnta, iltíreach is atá sí Éireannach: chomh h-úr comhaimseartha, ach fós féin, fréamhaithe i ndúchas na Gaeilge. Tábhacht na h-urlabhra daonna sa dlúthchaidreamh atá á rianadh i ndánta áirithe. Is í an chaint - dá h-easnamhaí go minic í - sainchomharthas na beatha daonna sna dánta insan cnuasach seo.
Clúdach: Chati Coronel - 2016.05 - 70lgh - ocht euro huit euro eight euro

 

 

 

 

1916 Macallaí na Cásca 17 Inniu 1966 Eagrán speisialta comóradh 50 bliain
1916 Macallaí na Cásca 17
Inniu 1966
Imleabhar 23 - Eagrán 1916 - cuimhne na h-aiséirí Eagrán d'Inniu a cuireadh i gcló sa bhliain 1966 ag déanamh comóradh 50 bliain ó Éiri Amach na Cásca I gcuimhne Laochra na Cásca & Laochra Ghlún an Bua. Comóradh an chéid le comóradh 50 bliain ó foilsíodh an chéad eagrán chomórtha seo. Altanna ar Tomás Ó Cléirigh, 'Athair' an Éirí Amach, Fianna Éireann, Ní hAmháin Saor Ach Gaelach chomh maith, srl
Clúdach: Inniu - 2016.18 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro Cinque Euro

 

Dáthracht meascra staire le Pádraig G. Ó Laighin 1647
Dúthracht - Meascra Staire
Pádraig G. Ó Laighin
Aistí staire, scríobhtha go dúthrachtach is le cáilmheas, ag insint dúinn stair ár laochra cróga. Fíorscéal Fíníní an Phasáiste i gCorcaigh 1865-1868 & Éirí Amach na bhFíníní, 1867. Imeaglú ar an Iarnród i gCo Lú 1871-1880. Na Fíníní, na Ribínigh, na Broadheads lena bhfeachtas Féinrialtais i nDroichead Átha. Cogaíocht sa Mumhan 1647 faoin naimhdeas idir tacaitheoirí Thiarna Inse Cuinn agus tacaitheoirí Thiarna Lisle, ina measc.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.11 - 56lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Macallaí na Cásca 18 Macallaí i Meiriceá
Macallaí na Cásca 18 Macallaí i Meiriceá
John McColgan
& Jean Rowlands-Tarbox
Scéalta Éirí Amach na Cásca 1916 i nuachtáin na Stát Aontaithe. Nuachtáin Bhostúin ar an Éirí Amach agus An Scéal san Iarthar - Tuairiscíodh an t-éirí amach ar phríomhleathanaigh formhór na nuachtáin i n-iarthar Mheiriceá. Cé gur chuir an Bhreatain cinsireacht ar an nuacht as Éireann, ní raibh páipéir i mBostúin sásta glacadh leis go raibh an scéal go léir ar fáil. Tá liosta na bhfoinsí nuachta ar chúl. Leabhar spéisiúil agus stairiúil.
Clúdach: ó Leabharlann na Comhdhála - 2016.34 - 48lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

 

Grá Fiar le Louis de Paor cnuasach filíochta Gaelic poetry Irish poet
Grá Fiar
Louis de Paor
De ghnáth tagann béal saobh le grá fiar. Ach níl aon ní as sceabha sna ndánta sa chnuasach seo. Tá crithir agus cruinneas ag rith tríd na dánta a mbíonn i bhfolach go léitear an líne is deireanaí. Samhlaíotar radharcra dúinn ón phearsa féin. Go minic ag luí isteach ar chrosánacht thraslitrithe ag tiontú go h-ábhair na ndánta, is ag nochtadh na scéilíní beoga. Sa stíl amharctha air atá aige...
Clúdach: Brian Bourke - 2016.06 - 80lgh - ocht euro huit euro eight euro

 

 

 

 

Macallaí na Cásca 20 Óglaigh Chill Áirne 1913-1916
Macallaí na Cásca 20 Óglaigh Chill Áirne 1913-1916
Tomás B. Ó Luanaigh
Tháinig strainséar ó Dhún na nGall isteach i rang Gaeilge An tSeabhaic ar 28ú Samhain 1913. Mhínigh An Seabhach go raibh sé tagtha ó cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann le complacht a bhunú i gCill Áirne. Tháinig gach duine sa rang isteach sa chomplacht. Bhí timpeall 120 i gcomplacht Chill Áirne i Meitheamh 1914. I Lúnasa 1914 bhí 2,500 d'Óglaigh na hÉireann ag máirseáil trí Chill Áirne le freastal ar Comórtas na nÓglach agus Oireachtas na nGael 1914.
Clúdach: Óglaigh na hÉireann i gCill Áirne - 2016.42 - 72lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain

 

 

Filí Luimnigh gan iomrá san Ochtú hAois Déag le Úna Nic Énrí
Filí Luimnigh gan iomrá san Ocht hAois Déag
Úna Nic Énrí
Filíocht an 18ú aois ó chontae is ó chathair Luimnigh atá sa leabhar seo. Breis le 50 dán móide nótaí ar na dánta. Séamus Bonfield, Séamus Mac Cinnéide, Aindrias Mac Mathúna, Tomás Midheach, Séamus Ó Dálaigh, Brian Ó Flaitheartaigh, Tomás Ó Gliosáin, Muiris Ó Gríofa, Donnchadh Ó Grádaigh, Tomás Ó Tuama, Éamonn Ó Núnáin agus neart eile. Saothar saibhir, lán le fhilíocht álainn, i nGaeilge ársa Luimnigh. Seod de leabhar é seo.
Clúdach crua: Abhainn na Sionainne - 2016.13 - 333lgh - Cúig déag Euro Quinze Euro Fifteen Euro - about twnty sterling. Click here to order

 

 

 

Féilire 2017
Eag: Cliodhna Cussen
Féilire 2017. Maisithe go gleoite le h-ealaíon agus le fhilíocht Biddy Jenkinson. Féilire gur fiú do bhalla a mhaisiú leis.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.25 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro
< ---- Clic ar an chlúdach
Féilire 2017 Calendar

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

As Tobar an Dhoibhlinigh le Tracey Ní Mhaonaigh Breandán Ó Doibhlin
As Tobar an Dhoibhlinigh
arna tiomsú ag Tracey Ní Mhaonaigh
Is é atá anseo ná rogha d'ailt shamplacha a léiríonn a ilchumas scríbhneoireachta agus é i mbun pinn mar aistritheoir, mar chritic, óráidí, seanmóirí, tráchtaire agus mar scríobhneoir cruthaitheach le 64 bliain anuas. Sin éacht scríbhneorachta! Blaiseadh beag den éacht sin atá sa chunasach seo. Má shíleann tú go bhfuil Msgr. Ó Doibhlin ar aithne agat, níl sé seo léite go fóill agat ....
Clúdach crua: Joey Mc Garrigle - 2016.14 - 360lgh - Cúig déag Euro Quinze Euro Fifteen Euro - about twnty sterling. Click here to order

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Imleabhar 5 'Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine' Éiresa 21ú aois idir indibhidiúlacht agus Phobal curtha in eagar ag Breandán Mac Cormaic
Éire sa 21ú Aois
Eag: Breandán Mac Cormaic
Imleabhar 5. An 5ú foilseachán agus an 3ú cnuasach de léachtaí a d'eascair as na seimineáir a bhíonn á n-eagrú ag an bhFóram Díospóireachta. Léachtanna a thug; Gréagóir Ó Dúill, Mícheál Cronin, Tom Healy, Magali Giovangelli, John Waters, Liam Mac Cóil, Martin Hawkes, Kevin Scannell, Daniel Innerarity ag seimineár i Mí Mhárta 2013. Tugadh dhá léacht i bhFraincís agus tá na leaganacha Gaeilge ann freisin.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.09 - 246lgh - Cúigdéag Euro Cúig Euro Déag Quinze Euro fifteen Euro

 

 

 

 

 

Pátrún na Sailí le Brian Ó Baoill The Willow Pattern
Pátrún na Sailí
Brian Ó Baoill
Bronnadh duais air ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2015. Bhíodh an scéal ar a bhfuil seo bunaithe á insint sa tSín na mílte blian ó shin.       Dhá éan gorm ag eitilt os ard, Long bhreá seoil ag dul thrar bhráid, Triúir ar dhroichead,1-2-3, Crann mór sailí a shileann síos, Teampail Síneach cois na h-abhann, Taibhseach ina sheasamh ann, Crann úll ansin le bláthanna buí, Is fál fada cam ag bacadh slí.
Clúdach: Brian Ó Baoill - 2016.12 - 48lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro
Ag dul Anonn  cnuasach dánta le Gréagóir Ó Dúill
Ag dul Anonn
Gréagóir Ó Dúill
Cnuasach nua dánta saoithiúil. Bíonn na dánta ag roinnt radharcanna aoibhinn ar na nádúir, leis an léitheoir. Idir na clúdaigh tá smaointe an bhaird ag leathadh amach ag inse scéal, garraíodóireacht ina measc. Bain taitneamh as: Garraíodóireacht rósanna, Tost, Crann na Beatha, Feall an bhFeallaire agus Rebellion, ina measc . . .
Clúdach: Colm Ó Snodaigh - 2016.17 - 44lgh - ocht euro huit euro eight euro
Rabharta agus Meallmhuir i mBéal Feirste le Breandán Mac Maoláin An tAthar Breandán Mac Maoláin
Rabharta agus Meallmhuir i mBéal Feirste
Breandán Mac Maoláin
Saolaíodh an t-údar i Wallasey, Sasana i 1930. Fuair sé a chuid oideachas óna mBráithre Críostaí ar Bhóthar na bhFál. Iar-mhúinteoir bunscoile a thugann a seirbhísí mar shagart trí Gaeilge i bparóistí Bhéal Feirste. Seo h-iad na cuimhní cinn, na h-eachtraí, an cleamhnas síos tríd na ceithre scór bliain sin. Le gearr-scéalta ar nós: Mo Chéad Bhuama agus Mo Chéad Mheaisínghunna. Saol pharóistí Bhéal Feirste
Clúdach: Gleann Aireamh - 2016.10 - 172lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

An Eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scíobhaithe le Liam Ó Pearircín
An eala ar a bhfuaid:
Liam Mac Peaircín
Cúirt an Mheán Oíche le Brían Mac Giolla Meídhir (Brian Merriman), i lámha na scríobhaithe. Thart ar 117 cóip de ar marthain sna lámhscríbhinní sa lá atá inniu ann, agus thart ar 75 scríobhaithe. Tá ceithre leagan sa leabhar seo: Dómhnal Mac Cormaic 1796, Tomás Ó Iceadh 1821, John Shannon 1817, Séamus Mac Seaghan Ó Súilleabháin 1847 agus The Midnight Court leagan béarla le Denis Woulfe. Gluais an eolais ar chúl.
Clúdach crua: Liam Mac Peaircín - 2016.15 - 360lgh - Cúig déag Euro Quinze Euro Fifteen Euro - about twnty sterling. Click here to order

 

 

An Séimhiú ar an ainm briathra agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocal eile le Mícheál Ó Cearúil
An Séimhiú
Micheál Ó Cearúil
An Caighdeán Oifigiúil, aistriú na reachtaíochta agus gramadach na téarmaíochta. Díshéimhiú ghinideach an ainm bhriathartha. “An bhfágfar an t-ainm briathra gan séimhiú sa ghinideach feasta?” Cuspóir an staidéar seo ná aird a dhíriú ar cé chomh mór mar athrú a bheadh ina leithéid d'athrú ar thraidisiún scríofa na Gaeilge. Seo agaibh: ‘An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile’.
Clúdach: Caoimhín Ó Baoill - 2016 - 520lgh - AS CLÓ

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rúnscéalta na Vatacáine le Brian Ó Dochartaigh
Rúnscéalta na Vatacáine
Brian Ó Dochartaigh
Cá h-as don Vatacáin? Tá diamhar agus draíocht ag baint leis an stát beag sin de níos lú ná céad acra. Ní h-é sin is ainm dó sa saol idirnáisiúnta. Is é teidil dó go h-oifigiúil ná 'Saint-Siège', an Suí Naofa. Tá sé 2 mhíle bliain d'aois. Is ann a bhualann croí na hEaglaise Caitlicí. Áit é ina bhfuil taisí Phrionsa na nAspal - Naomh Peadar - ina luí faoin ard-altóir. Scéal na Vatacáine ó aimsir Impire Nero 64AD go dtí an lá atá inniu ann agus an 265 pápa a mhair ann.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.22 - 120lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

Ag Bualadh Clé is Deas le Alan Titley
Ag Bualadh Clé is Deas
Alan Titley
Idir 2003 agus inniu scríobh an t-údar suas le 700 ailt sa cholún rialta Crobhingne a bhí aige san Irish Times. Seo rogha theoranta (77) de na h-ailt san. Baineann a formhór lenar tharla in Éireann agus thar lear sna blianta sin, ar an bpolataíocht agus ar phearsana éagsúla. Bronnadh 'Colúnaí/Iriseoir na Bliana' cúig h-uaire air de bharr a bhfuil scríofa anseo, an bhliain seo 2016 an ócáid is déanaí dóibh. Leabhar in ómós do na trí muca..
Clúdach: Valerie Seery - 2016.21 - 256lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

An Cogadh Mór
An Cogadh Mór
Pádraig Ó Duinnín
Cnuasach d'altanna ar an gcogadh mór ón nuachtán Leader (1914-19) a scríobh an Duinníneach. Choimeád sé súil ghéar thuiscineach ar chúrsaí reatha sa bhaile is i gcéin, ag cuir síos orthu agus ar ábhair eile ina cholún rialta sa nuachtán meánaicmeach Caitliceach a bhunaigh Daithí Ó Móráin i 1900. Tugann teidil na h-altanna eochair éigin tuisceanna don léitheoir ar chúrsa an chogadh ó thús go deireadh.
Clúdach: Aindrias Ó Cathasaigh - 2016.24 - 152lgh - ocht euro huit euro eight euro
Barr Top Haut suas up BARR
Gleo Glórmhar na Cásca
Seán Ua Cearnaigh
Gearrscéal atá feiliúnach d'fhoghlaimeoirí Gaeilge. Seo Cathal, déagóir ó Thiobraid Árainn agus na h-eachtraí a bhí aige san Ard-Oifig an Phoist agus é i dteannta a uncail le linn an tréimhse stairiúil - Éirí Amach na Cásca 1916. Scéal bríomhar agus eachtrúil atá lonnaithe i gcroílár na hAiséirí.
Clúdach: Aindrias Ó Cathasaigh - 2016.30 - 56lgh - ocht euro huit euro eight euro
Gleo Glórmhar na Cásca le Seán Ua Cearnaigh Éireí Amach na Cásca 1916

 

 

 

 

Féilire 2016 Calendar 2016 Feilire 2016 Calendar

 

 

 

 

An Droch Shaol
Johnathan Ó Néill
Pictiúir-leabhar grafach. Tá An Droch Shaol suite i rith an Gorta Mór, tubaiste a tharla nuair a theip ar bharr prátaí i nÉireann. Scéal ar triúr ógánach, ó Chill Chaoi. Idir 1846-1849, tosaíonn an scéal déanach sa Samhradh 1846, tá an barr prátaí ar tí teipthe don dara h-uair. Leagan Gaeilge de The Bad Times le Christine Kinealy agus John Walsh.
Clúdach: - 2016.33 - 256lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro
   < ---- Clic ar an chlúdach
An Droch Shaol le Christine Kinealy & John Walsh Leagan Gaeilge de The Bad Times ag Jonathan Ó Néill
1916 Macallaí na Cásca 19
Macallaí san Eoraip
Scéalta Éirí Amach na Cásca 1916 i nuachtáin na hEorpa. Éirí Amach na Cásca & An Pholainn le Mark Ó Fionnáin. Scéal ón Éastóin le Ilmar Lehtpere. Tuairisc na Sairdíne le Laura Sanna. Nuachtáin na hIorua le Roar Madsen & Per Overrein. Nuachtáin Seicise & 1916 le Hana Mášavá. An tÉirí Amach, Mac Easmainn & an Ghinéiv le Torlach Mac Con Midhe.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.36 - 48lgh - seacht euro caoga sept euro cinquante seven fifty A Bargain
Macallaí na Cásca 19 Macallaí san Eoraip Scéal Éirí Amach na Cásca i nuachtáin na hEorpa le Mark Ó Fionnáin ilmar Lehtpere Laura Sanna Roar Madsen Per Overrein Hana Mášová Torlach Mac Con Midhe

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

Tír Eile le Gabhán Ó Fachtna Cnuasach Gearrscéalta
Tír Eile
Gabhán Ó Fachtna
Scéalta ó na críocha gafa agus na críocha i gcéin. Dosaen gearrscéalta nua-aoiseach atá so-léite agus taitneamhach. Finscéalta saolta ina n-airítear cairdeas agus grá, uasal agus íseal, áthas agus brón, ag snaoi tríd na h-eachtraí laistigh. Leabhar scéalta é seo a mbainfidh foghlaimeoirí Gaeilge, déagóirí agus gnáth léitheoirí eile pléisiúr as. .
Clúdach: Valerie Seery - 2016.31 - 176lgh - ocht euro huit euro eight euro

 

Athrú ag Teacht Conradh na Gaeilge, ardfheis 1915 agus Éirí Amach na Cásca 1915 le Aindrias Ó Cathasaigh
Athrú ag Teacht
Aindrias Ó Cathasaigh
Conradh na Gaeilge, ard-fheis 1915 agus Éirí Amach na Cásca. Céard a tharla ag an ardfheis i 1915? Glacadh le rún go mbeidh saoirse na tíre mar chuspóir ag an gConradh. Ligeadh polataíocht isteach don chéad uair, rud a chuir deireadh le ré órga na h-athbheochana, nach ea...? Ach tá an fíorscéal i bhfad níos casta ná an leagan coitianta sin. Tá fiosrú grinn ghéar déanta air don chéad uair sa leabhar suntasach, spéisiúil agus stairiúil seo.
Clúdach: Teachtaí ag ardfheis 1915 - 2016.28 - 182lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

Frederick Douglass i nÉireann
Christine Kinealy
Sa bhliain 1845 tháinig Frederick Douglass go hÉirinn ag tabhairt sraith léachtanna. D'fhan sé ar feadh 4 mhí agus d'fhill sé ar Bhéal Feirste 3 uaire in 1846. Thug sé breis le 40 léachtaí i gcoinne an daoirse. Ba chumhachtach an fhianaise phearsanta a bhí sé in ann a thabhairt faoi uafáis na daoirse. Is mór an cuimhne é an bualadh le Dónal Ó Chonaill 'an Fuascailteoir' a bhí in aghaidh na daoirse freisin.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.44 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Five Euro
Frederick Douglass i nÉireann le Christinr Kinealy

 

 

Ceiliúradh an Bhlascaoid 20 Aois na nUasal le Mícheál de Mórdha
Ceiliúradh an Bhlascaoid 20
Mícheál de Mórdha
Aimsir na nUasal. Uaisle Chorca Dhuibhne - Cérbh iad féin agus cad a rinneadar? Mar is gnáth bhailigh slua maith le chéile in Ionad an Bhlascaoid ag tús Deireadh Fómhar 2015 chun éisteacht leis na léachtóirí, An Dr. Donnchadh Ó Corráin, Mícheál de Mórdha agus Breandán Ferritéar ag díriú ar ghnéithe fíor-spéisiúil d'aimsir na n-uasal. Tá cuir síos ar thuras chaisleán Phiarais Feritéar ann freisin le Danny Mac Síthigh.
Clúdach: An Bhlascaod Mór - 2016.32 - 120lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

Bunchúrsa Albainnise le Gabhán Ó Fachtna
Bunchúrsa Albainise
Gabhán Ó Fachtna
Tá leagan den Béarla á labhairt go forleathan i nAlba. Lallans. "The vulgar tongue of the Scots" mar a dúirt Thomas Innes i 1729. Amhail Gaeilge is Gàidhlige tá difríochtaí bunúsacha sa litriú le cuir síos a dhéanamh ar nithe áirithe. fift = fifth, ticht = tight, hail = whole, srl. Bunchúrsa de 20 cheacht Albainise le foclóirín go Gaeilge. Tá cuir síos ann air: An stair ón meán-aois, Téarmaí Ghramadaí agus Tábhacht na Foghraíochta.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.38 - 176lgh - ocht euro huit euro eight euro
Scéalta as Tír Chonaill cnuasach 4
Scéalta as Tír Chonaill (cnuasach 4)
Séamas Mac Manus
An 4ú chnuasach curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easpuic. Bailiúchán de 12 gearrscéalta bunaithe ar scéalta a chnuasaigh Séumas MacManus a cuireadh i gcló i Meiriceá ó 1899 ar aghaidh. Scéalta ar nós: An Fear Beag rua, Billí Mac an Bhacstair, An tAthair Dónall & an Ceathrar Fidléir, Laochra Dána Chruach an Ocrais, Iontaisí na dTrí Dhonall, Iníon na Baintrí. Scéalta an-taitneamhach ó thús go deireadh.
Clúdach: Eoghan Mac Aoidh - 2016.39 - 184lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

Meanmanra le Seaghan Mac an tSionnaigh agus Oisín Uíbh Eachach
Meanmanra An tSíceolaíocht & an Fealsúnacht
Seaghan Mac an tSionnaigh / Oisín Uíbh Eachach
Cnuasach aistí ó Chomhdháil Meanmanra na bliana 2015. Aistí scríobhtha ag Ríona Ní Churtáin, Risteard Mac Annraoi, Tomás Mac Síomóin, Tríona Ní Shíocháin & Tom Boland, Pádraig Ó Cíobháin, Eoghan Mac Aogáin, Marie Pascal (i bhFraincís) agus an leagan Gaeilge de ó Seaghan Mac an tSionnaigh. Bunstruchtúr na h-inntinniúlachta. Curtha in eagar ag Seaghan Mac an tSionnaigh agus Oisín Uíbh Eachach.
Clúdach: Eoin Beglin - 2016.40 - 160lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

Séarlaí Mac Anna agus Mé Fhéin le Pádraig Mac Seáin Curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easpuic
Séarlaí Mac Anna & Mé Fhéin
Pádraig Mac Seáin
Seo scéál Séarlaí Mac Anna, seanchaí clúiteach de chuid Theilinn, atá suite idir Sliabh Liag agus an fharraige i nIardheisceart Thír Chonaill. 116 bliain ó shin bhí an-claonadh le ceol, scéalaíocht agus damhsa ag muintir an cheantar. Tá an chuid is fearr de Ghaeilge Theilinn sa leabhar seo agus ar an diosca atá ag dul leis. Curtha in eagar ag: Mícheál Mac Giolla Easpuic.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.35 - 164lgh - Dódhéag Euro Douze Euro Twelve Euro

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

An Bhéal Balbháin le Eoghan Ua Chonaill cnuasach fílíochta
Ó Bhéal Balbháin
Eoghan Ua Conaill
Cnuasach nua-fhilíocht sa Gaeilge. 45 dán bríomhar tréan agus so-léite. Tá soiléireacht, macántacht agus crógacht sna dánta seo. Tá machnamh doimhin déanta ag an bhfile ar cheisteanna achrannacha faoi leith, ach tá greann le brath chomh maith ina véarsaí rithimiúla, dea-chumtha. Leabhar inléite é seo a spreagfaidh smaointe agus mothúcháin láidre sa léitheoir.
Clúdach: an tÚdar + Aidan O Sullivan - 2016.37 - 64lgh - ocht euro huit euro eight euro

 

 

 

 

 

An Tábla Periadach le Primo Levi
An Tábla Peiriadach
Primo Levi
An Tábla Peiriadach ina rud an-speisialta. Idirghníomhú eolas as cuimse agus taithí uafásach, móide scileanna liteartha tarchéimnitheacht, atá catalaithe ag ceann eile atá níos deacra a mheas, a d'fhéadfá a thomhais mar - maitheas. Má bhí tú ag lorg leabhar maith, leabhar maith i ngach ciall, is é seo é. An leagan Gaeilge le Matt Hussey.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.23 - 256lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

Rún na mBradán le Diarmuid Johnson Cnuasdach filíochta
Rún na mBradán
Diarmuid Johnson
Cnuasach filíochta. Rogha dánta Gaeilge 2005/2015. Caoga seacht dán slachtmhair ina bhfuil an nádúr ina pháirt lárnach. Filíocht na ngleann, na gcrann, agus scéal i ngach ceann. Déanann sé cuir síos ina dhánta ar an gcumarsáid aige le h-éin. Ach, is mó dáiríre iad na dánta ar nós: Cúl le Tír agus Dhíol mé mo Bhó! Filíocht bádóra, sléibhteora, ó thobar na staire - ó thobar na Gaeilge. Do Gaeilgeoirí ar fud an domhain
Clúdach: Valerie Seery - 2016.29 - 120lgh - Ocht Euro Huir Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

Umberto Eco Luascadán Foucault leagan Gaeilge le Matt Hussey
Luascadán Foucault
Umberto Eco
Il pendolo di Foucault'Da Vinci Code an smaointeora' mar cháil. Tá an t-úrscéal satirical seo lán de thagairtí saindiamhra do Kabbalah, Ailceimic agus teoiricí comhcheilge. Tagraíonn an luascadán sa teideal do luascadán a dhear an fisiceoir Léon Foucault a léirigh rothlú an Domhain agus tá tábhachtach siombalach leis insan úrscéal ollmhór seo. An leagan Gaeilge le Matt Hussey.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.27 - 530lgh - Cúig déag Euro Quinze Euro Fifteen Euro - about twnty sterling. Click here to order
An Grá Pósta le Albert Moravio
An Grá Pósta
Alberto Moravia
Úrscéal chlúiteach, L'amore coniugale. Scéal mór grá nó scéal grá mór. Scéal faoin ngrá - an grá pósta. Tá Silvio is a bhean álainn tar éis bogadh faoin dtuath. Iad le maireachtáil gan gnéas le go mbeadh a dhóthain fuinneamh aige le díriú isteach ar úrscéal clúiteach a scríobh. Bí cinnte, ar ndóigh, go dtarlóidh rud éigin ciotach. Scéal meabhlach casta, sraith de mothúcháin dian agus amhras. An leagan Gaeilge le Matt Hussey.
Clúdach: Valerie Seery - 2016.26 - 144lgh - Deich Euro Dix Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

 

 

 

 

 

 

 


COISCÉIM CHUN TOSAIGH !

 

 

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol post-d chuig: leabhairgaeilge [a] eircom.net

  
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

 

 

SUÍOMH    SNÁTHA     TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

 

 

 

 

 

 

 

This link kills spam