Caisleán Ghriaire
Mícheál Ó Ruairc
Úrscéal stairiúl rómánsúil suite idir na blianta 1563 agus 1601 le linn tréimhse Phlandáil na Mumhan. Bhí taoiseach tíre ann darbh ainm Griaire de hÓra Scéal ón bhéaloideas faoina mhac Aodh Dhubh agus Eibhlín de Mordha a thit i ngrá le chéile agus a phós i gcoinne toil a dtuismitheoirí agus bhí críoch traigóideach leis an scéal.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.02 - 80lgh -

Manuail de Litríocht na Gaeilge 6
Faisicil IV 1750-1850: Maidneachan?
Breandán Ó Doibhlin
An séú faisicil sa tsraith de Manuail de Litríocht na Gaeilge agus, go bhfios, an ceann deireannach. Tréaslaíonn muid uilig leis an Monsignor Breandán Ó Doibhlin as an dian staidéar a chuir sé isteach sa saothar iontach seo ar thuras litríocht na Gaeilge ó 1500AD. Na Faisicil eile = 1 - 2 - 3 - 4 - 5 .
Clúdach: Joseph Peacock - 2011.12 - 336lgh - 
1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 Baile
" . . . Mar a Déarfá " Cnuasach Clíséanna
Seán Mac Cionnaith
Cnuasach clíséanna. Ciútaí Cainte & Frásaí Coitianta eile, mar atá scríte ar an gclúdach. Cad is clísé ann? Is ráiteas iad a chuireann síos ar a bhfuil le maíomh ag an chainteoir i bhfriotal atá nádúrtha & inghlactha agus a thuigfidh an t-éisteoir go beacht, cruinn, msh.'the crack was mighty!' = 'char chuideachta go dtí í!' Tá líon an leabhar mar Thesarus - lán le nathanna cainte. Na Clísé
Clúdach: Seán Mac Cionnaith - 2011.40 - 350lgh - 
Féiniúlacht, Cultúr & Teanga i Ré an Domhanda
Eag: Breandán Mac Cormaic
l'Étrange défaite nó an olltubaiste Éireannach agus an Ghaeilge. Altanna le Gréagóir Ó Dúill, Thierry Ménissier, Brian Ó Conchubhair, Gearóid Ó Tuathaigh, Máirín Nic Eoin, Conchúr Ó Giollagáin, Daniel Bourgeois, Michael Cronin, Tomás Mac Síomóin, Peadar Kirby . . .
Clúdach: - 2011.28 - 272lgh -

Meon Gaelach - Aigne Nuálaíoch
Fionnbarra Ó Brolcháin
Bealach eile le amharc air. Laistigh de 90 bliain tá Éire tar éis bogadh ó thaobh amháin go taobh eile: ó chultúr agus féiniulácht i gceartlár na físe náisiúnta go dtí a mhalairt ina bhfuil eolaíocht, réasúntacht agus margaí idirnáisiúnta in uachtar! Is acmhainní uathúla iad traidisiún, teanga, mórtas cine is ceantar agus féiniúlach - dá n-úsáidfidh i gceart iad.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2011.41 - 48lgh -
Mamó agus an Peileadóir
Pauline Devine
Is peileadóir maith í Chiara a ghlacann saoire beag amach go h-Árainn. Ach téann a liathróid le faill isteach san fharraige. Liathróid speisialta gur leis a deartháir agus é sínithe ag pheileadóir cháiliúil. Tá sí i dtrioblóid anois. Leabhar álainn do pháistí aois 6 ar aghaidh agus do bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá gluaisín beag le míniú na bhfocal ag deireadh gach caibidil. An-taitneamhach !
Clúdach: Eithne Ní Dhúgáin - 2011.06 - 32lgh -

Sceach sa Bhearna
Seán Hutton
Cnuasacht úr filíochta. 33 dán bailithe i ndhá chuid den leabhar. Mar aguisín breise tá an triú chuid ag taispeáint na natháin i nGaeilge a rinneadh i gcomhpháirt le Aogán Ó Muircheartaigh agus a bhí mar chuid den taispeántas 'The Whole Nine Yards' a cuireadh ar siúl sa Project Theatre ar Shráid Essex faoin teidil 'Líonóilghearrthacha' le Constance Short
Clúdach: Jack Moncur - 2011.07 - 64lgh -
Scannáin gan Fuaim
Seán Ó Leocháin
Cnuasach filíochta béasach. An 12ú leabhar filíochta ó Sheán Uí Leocháin. Breá an bhailiúcháin é seo - na 70+ dánta, a scéal féin i ngach dán. Seo sampla beag
Príomh Oifig an Phoist,
GPO
Mé féin is tú féin inár seasamh faoin lampa
is Cú Chulainn fós ag fanacht le stampa.
Clúdach: Colm Ó Snodaigh - 2011.08 - 120lgh -
Crua

Ar ais go Keriolet
Séamus Mac Annaidh
Úrscéal iontach nua le Séamus Mac Annaidh. Leabhar bríomhar, eachtrúil.
Clúdach: Valerie Seery - 2011-11 - 184lgh -
Turas Ailse
Réaltán Ní Leannáin
Cnuasach filíochta. Bailiúchán dánta. 23 dán ón gcorp is ón gcroí ag nósadh turas meabhrach dúinn. Turas a bhí uirthi a glacadh le linn cóir leighis d'ailse. Ó shéanadh na droch-scéala dochtúra go dtí an leighis - Earrach mo Chorp. Seo tré nua:
Na Trí Ní An trí ní is ansa leis an duine tinn
Barróg Chionmhar,
Leigheas fíochmhar,
Mionchuairt mhinic.
Clúdach: Siubhán Ní Leannáin - 2011.10 - 40lgh -

Coitianta ar mo Pheann
Caitlín Ní Mhaoleoin, Bean Uí Shé
Bailiúchán gleoite de scéalta agus béaloideas Chorca Dhuibhne. Roinnte i gcodanna faoi theidil ar nós: Bithiúnaigh & Rógairí, Draíocht & Piseoga. Séasúir & Féiltí, Sagairt & Bráithre, Teorannacha Teagann, Cleamhnas, Seoidíní Eile, chomh maith le paidreacha amhráin, tríréid, ceathrúntaí, leathrannta & seanfhocail. Leabhar breá bríomhar atá fíor-taitneamhach.
Clúdach: Valerie Seery - 2011-11 - 184lgh - AS CLÓ
na Los Patricios
Tomás Mac Símóin
Sa mbliain 1821, bunaíodh Cóilíneacht Naomh Pádraig i dtuaisceart abhantrach an Rio de las Nueces gar do Matamoros (i ndeisceart Texas anois) Scéal iontach stairiúil ar shaol, eachtraí & cogaíocht na saighdiúirí Gael - Los Patricios - sa chogadh idir Mheicsiceo agus na Stáit Aontaithe thart ar 1846-1848 a bhí mar chuid mór de bunadh fuilteach Mheiriceá. Leabhar eachtrúil, stairiúil, fíor-spéisiúil a bhfuil sa dhá theanga - Gaeilge & Spáinnish.
Clúdach: Karen Dietrich- 2011.17 - 80lgh - 
Féilscríbhinn Anraí Mac Giolla Comhaill
Eag: Réamonn Ó Muireadhaigh
Tráchtas léannta in onóir don Athair Anraí Mac Giolla Comhaill agus na saothair iontach litríochta atá déanta aige i saol na Gaeilge.
Clúdach: An tUltach 1985- 2011-18 - 294lgh -

Dumhach Trá
Briain Ó Baoill
Úrscéál ficsean do fhoghlaimeoirí fásta. Scéal breá bríomhar le foclóir ar chúl.
Clúdach: Briain Ó Baoil - 2011.15 - 80lgh -

Ó Bhun an Bhogaidh go Barr na gCróibh
Mícheál Ó Domhnaill
Eag: Mícheál Mac Giolla Easbuic
Na scéalta & eolas atá ag Mícheál Ó Domhnaill (1925) ar an saol i bparóiste Chill Chartha Naofa & na bailte fearainn; An Bogach, Sraith Laoi Fheoil, Sraith na Circe & Na Cróibh (curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easbuic). Tá baint ag na scéalta anseo leis an tseansaoil atá imithe & nach dtiocfaidh ar ais go deo. Na sean grianghrafanna sa leabhar curtha ar fáil le cead ó Áislann Chill Cartha. Gluais na logainmneacha fosta.
Clúdach: Droichead Chomhrac Abhna - 2011-16 - 240lgh - 
Geasa agus Dánta Eile
Pádraig Mac Fhearghusa
Cnuasacht filíochta.
Clúdach: Grian an Mheán Oíche ar Chaolas Melville le
William Bradfod (1823-1892) - 2011.21 - 48lgh - 
Uisce Faoi Thalamh
Áine Uí Fhoghlú
Úrscéál ficsean do fhoghlaimeoirí fásta. Scéal breá bríomhar le foclóir ar chúl.
Clúdach: An Cuardach le Pádraig Mac Craith - 2011.20 - 80lgh -

Céard a bhain don Phopamhránaí
Seán Ua Cearnaigh
Úrscéál ficsean do fhoghlaimeoirí fásta & déagóirí.
Clúdach: KÍLA - 2011.23 - 80lgh -

An Duais agus Scéalta eile
Frainc Ó Murchadha
Cnuasach gearrscéalta .
Clúdach: Colm Ó Snodaigh - 2011.25 - 182lgh - 
Focal sa Chúirt
Leachlain S. Ó Catháin
Bailiúchán d'fhocail, de théarmaí dlí agus de theilgin chainte an dlí le h-aistriúcháin. Foclóir Gaeilge go Béarla agus Béarla go Gaeilge.
Leabhar riachtanach d'abhcóide nó dlíodóir ar bith atá ag cleachtadh a chéird i ndlí na hÉireann. Oiriúnach do breithimh agus Aturnaetha fiú.
Clúdach: Valerie Seery - 256 lgh - 2011.26 - 
As Gaineamh
Simon Ó Faoláin
Cnuasach dánta den fhilíocht is doimhne, is sínte. Sínte amach os comhair an léitheora ar nós áille ar thrá. Tá saill uaigní na mara le blaiseadh sna dánta. Fuaim tonntracha an Atlantaigh ag sleamhnú trasna ghainimh na dtránna. Tum isteach - ná bí sínte mar áille ar ghaineamh 'na luí.
Clúdach: - 2011.24 - 80lgh - 

Turasanna
Cliodna Cussen
Cnuasacht filíochta. Breis le 45 dán sa leabhar i measc na leathanaigh maisithe le líníocht dathúil nádúrtha an ealaíontóir cáiliúil seo. Tá ceithre sraith de dhánta comhthaithe ina bhfuil ábharthacht na dTurasanna mar chroílár ionntu. Turasanna Thar Lear, Turasanna Cholm Cille, Turasanna na Bliana agus Clann agus Cúrsaí. Dánta a thógfaidh tú ar thuras agus ar ais.
Clúdach: Gaetano Tranchino - 2011.03 - 70lgh -
Ór ar Chrann
Bernadette Nic an tSaoir
Cnuasach eile d'fhilíocht Bhernadette. Daichead dán óna bpinn mhachnimh ag snaoi fuaimeanna agus mothúcháin cneasta an dúlra thart orainn mar bhlaincéad compordasch ár sú isteach i rithim na véarsaí agus fodhraíocht na bhfocail. Smaointe greannmhara, a d'eascróidís ó chúl na h-intinne chliste mar mhachnamh ghnímh, mar dheireadh na véarsaí.
Clic ar chlé, mar shampla!
Clúdach: Jennifer Lane - 2011.13 - 56lgh -

Résheoid
Doireann Ní Ghríofa
Cnuasach nua dánta ó Dhoireann Ní Ghríofa. .
Clúdach: - 2011.22 - 80lgh - 
An Jócleabhar Beag Bídeach na Gaeilge
An tUltach Bandaí
Bhí sibh go léir ag fanacht ar seo, nach raibh? Leabhar greannmhar na Gaeilge. Leabhairín aisteach a gcuirfidh tú sna tríthí ag gáire. Chonacthas daoine ag titim go talamh de bharr baothracht gháire gan stad astu. Beidh uain gháire asat á léamh & clismirt gháire ar na jócannaí is aistigh. Muna dtagann pá há gáire asat á léamh seo . . tá cuireadh dochtúra i ndán dhuit.
Clúdach: John McCloskey - 2011.31 - 134lgh -
ISBN 9780950705965
Ceangailte
Rody Gorman
Cnuasach dánta Haiku. Tá i bhfad níos mó ná 150 Haiku sa leabhar seo: a scéilín féin ag chuile ceann acu. Curtha le chéile in ord áirithe mar atá sa leabhar seo, méadaíonn an chnuasach amach ina scéal mór ann féin.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.27 - 84lgh -
Japhy Ryder ar Shleasaibh na Mangartan
Robert Anthony Welch
Leabhar beathaisnéise & critice. Pléann an t-údar cuid de na scríbhneoirí is tabhachtaí in Éirinn le cúpla glúin anuas, ag cur síos go grinn ar a gcuid saothar agus na buncheisteanna a dtéann siad i ngleic leo.
Clúdach: Robert Anthony Welch - 2011.38 - 56lgh -

Clúdach crua:

Sealóga agus Siosamaid
Seán Mac Fhionnlaoich
Cnuasach gearrscéalta & dréachtaí a bhí san iris An tUltach idir na blianta 1977-1984. Bunaíodh coiste Johnny Mhicí Thadhg agus é mar aidhm saol & saothar Seán 'ac Fhionnlaoich a chaomhnú. Bhí sé riamh mar aidhm aige iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhar. I mbliana agus chéiliúradh 100 bliain ó rugadh é tá áthas ar an choiste go bhfuil an ghníomh déanta.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.30 - 212lgh - 
Sna Flaithis go hArd
Liam Prut
Úrscéal nua. Suigí síos agus glac turas na h-aislinge á léamh ó thús go deireadh.
Clúdach: Siobhán Prut - 2011.29 - 252lgh - 
Ach, a Mhuirnín, a Agaistín
Seán Ó Meara
An scéal scríte mar is cóir.. .
Clúdach: Seán Ó Meara- 2011.34 - 272lgh - 
Féilire 2012
Cliodna Cussen
Seo h-é Féilire 2012. Maisithe go gleoite le
h-íomhánna ealaíonta Niall Naellent chomh maith le dán téagarthach i dteannta na bpictiúirí, ó fhilí cáiliúla ar nós: Ceaití Ní Bheildiúin, Tomás Mac Síomóin, Proinsias Mac a' Bhaird, Caitríona ní Chléircín, Stiofán Ó Cadhla.
Clúdach: Niall Naellent - 2011.19 - 16lgh - 
Ar an Imeall
Áine Uí Fhoghlú
Saothar nua ó Áine atá fíor taitneamhach .
Clúdach: Áine Uí Fhoghlú - 2011.37 - 96lgh - 
Ní iontas go bhFuil an Spideog ag Gearán
Pádraig Breandán Ó Laighin
Á léamh, corraíonn na nearóga intinne go fiáin agus cruthaíotar íomhánna beoga, bríomhar, barrúil – ag fantasaíocht leis na véarsaí - ag athcruthú ceann de na h-altaithe is doimhne atá an fhile ag tnúth leis óna gcuid saothair. Nuair a mhusclaíonn an prós a h-anam i gcúinní samhlaíochta an léitheora, sé sin an bua is mó don údar atá ag sroicheadh buacán na litríochta.
Clúdach Crua: Pádraig B. Ó Laighin - 2011.35 - 182lgh - 
ISBN: 978-0-9865296-1-0
Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg
Biddy Jenkinson
Scéal bleachtaireachta agus eachtraí an Duinníneach ina measc.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2011.39 - 288lgh -
Soilse an Chroí
Peadar Ó hUallaigh
Cnuasach fairsing d'fhilíocht bhreá ó Chorca Dhuibhne. Na dánta is síreachtaí agus dúilmhear. Tá na ceithre Airde á gclúdach sna caibidil ann.
Thoir, Flúirse-Teaghlach-Féile.
Thiar, Fios-Comhairle-Seanchas.
Thuaidh, Dúshlán-Coimhlint-Deacracht
Theas, Ceol-Inspioráid-Filíocht
agus An Croí Lár, Flaitheas-Crógacht-Ceannas.
Clúdach: Marion Ross Walsh - 2011.36 - 141lgh - 
Céiliúradh an Bhlascaoid 13
Imirce agus Imigéin
Eag: Mícheál de Mórdha
Céiliúradh an Bhlascaoid 2008. Bhí dhá céiliúradh ann an bhliain sin mar go raibh ócáid ar leith ar an 7ú Nollaig d'fhonn comóradh 50 bliain ó bás Pheig Sayers i 1958. Tá dhá chuid sa leabhar ag cur síos ar an saol óna n-imircí agus Céiliúradh Pheig 2008.
Pictiúr Clúdaigh: Slua ó Springfield - 187 lgh -2008.53
ISSN 1393-6026 Céiliúradh: 3, 4, 5, 6, 7, 8, 11, 12,
Cú Choilm
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an chéad leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Cú Choilm agus Seó na gCon. Oscar an madra is fearr ar Domhan! .
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.42
- 16lgh - 
Scéal na nUachtarán
Dónal Murray
Scéalta stairiúla & cur síos le h-íomhánna atá anseo ar Uachtaráin na hÉireann ó Dubhglás de hÍde(1938) Na pearsaí móra eile - Seán T. Ó Ceallaigh, Éamonn de Valera, Erskine Childers, Cearbhall Ó Dálaigh, Pádraig Ó hIrghile, Máire Mhic Róibín, Máire Mhic Giolla Íosa(1997-2011). Tá seachtar san iomaíocht don phost uachtaránachta i 2011. Ach, sin scéal eile...
Clúdach: - 2011.55 - 96 lgh -
<----- Clic ar an íomhá ar chlé
Cá bhFuil Oscar?
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an 4ú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Tá Oscar ina bhfolach. An bhfeiceann tú é? Bhí sé ag spraoi le gual. Salach.
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.46
- 16lgh - 
Ocras Oscair
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an dara leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Tá ocras ar Oscar Tá an babhla bia folamh. D'ith sé gach rud agus tá tart air anois
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.43
- 16lgh - 
Pianta Pianmhara
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an triú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. "Tá pian i mo ..." Cá h-áit a bhfuil an pian? . . . i gcodanna den corp atá léirithe go gleoite i bhfoirm scéilín.
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.45
- 16lgh - 
Déan Deifir
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an cúigiú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Cad deirtear nuair atá moill ort? Beidh tú mall Ní bheidh tú mall. Déan Deifir!
Clúdach: Karen Dietrich- 2011.47
- 16lgh - 
Colm ag Eitilt
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an 7ú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Beir greim ar an mbalún is gabh ar thuras suas agus síos sa spéir le Colm agus Oscar.
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.49
- 16lgh - 
Oscar Poscar
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an séú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. .
Clúdach: Karen Dietrich- 2011.48
- 16lgh - 
Cluiche Cliste
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an t-ochtú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Tá cluiche cliste ag Colm, Gina & Oscar. Is féidir leatsa é a imirt chomh maith. Clúdach: Karen Dietrich - 2011.50
- 16lgh - 
Eagla Oscair
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an naoiú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Feiceann Oscar tabhsí lasmuigh a chuireann eagla air. Ach cé h-iad féin? Tá cnag ar an doras. . . . Búh ! .
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.51
- 16lgh - 
An Carnabhal
Seónaidh Ní Shíomóin
Seo an 10ú leabhán beag sa sraith de 10 leabhair do leanaí. Scéalta beaga álainn eachtrúla i ngach ceann. Seo scéilín bhreá faoin sport is spraoi a bhí ag Colm agus Oscar nuair a tháinig an carnabhal chuig an baile mór.
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.52
- 16lgh - 
Cathracha i gCóngar is i gCéin
Eoghan Ó Neill
Scéalta ar eachtraí sna príomhcathracha ar nós; Lima,Cathair Pheadair, Liospóin, Riga, Paris, La Paz, Béal Feirste, An Róimh, Budapest, Stocholm,Vársá, Madrid, An Bhruiséal, Torshavn, Bolonga, Kraków, Vín, Mostar, agus go leor eile faoi chaibidil. Na daoine & slite beatha difriúla a chothaíonn a gcúinne den domhain ionntu. Lán le grianghrafanna gleoite ag cur le h-íomhánna eolach atá scríte go taitneamhach.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.44 - 228lgh - 
An bhFuil Stacey ag Iompar?
Tomás Mac Síomóin
Leabhar nua iontach ó Thomás. Scéal dúshlánach ón dtaobh eile.
Clúdach: Karen Dietrich - 2011.54 - 141lgh - 
An Mairtíneach
Seán a' Chsáin
Seo saothar nua ó Shéamuis Uí Choileáin atá fíor taitneamhach. Ceann de na Claisicigh. Scéal atá anseo a bhí i bhfolach ar feadh 70 bliain. Scríte sna 30dí; tá scéal breá bríomhar ann a chlúdaíonn an tréimhse 1916-1923 agus a bhronann blaiseadh don léitheoir ar an tslí beatha a bhí in Éireann ag an am.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.60 - 116lgh - 
Ó Chéitinn go Raiftearaí
Vincent Morley
Mar a cumadh stair na hÉireann.
Clúdach: A.M. Sullivan - 2011.57 - 310lgh -
Friedrich Engels; Saothar a Shaoil
Aindrias Ó Cathasaigh
Saothar a shaoil.
Clúdach: Valerie Seery - 2011.58 - 240lgh - 
Urú Gealaí Goirme
Antaine Ó Donnaile
Cnuasach dánta agus filíocht úr-nua.
Clúdach: Antaine Ó Donnaile - 2011.61 - 56lgh -
Leabhrann Laighnigh
Dáithí Ó hÓgáin
Téacsanna agus Cainteanna ó shean-Chúige Laighin.Leabhar fíor-shuimiúil agus stairiúil .
Clúdach: Conor Nolan - 2011.63 - 264lgh -
Muintir na Coille
Diarmuid Ó Gráinne
Seo scéal mór ann féin.
Clúdach: Catherine Lyons - 2011.59 - 158lgh -
Leas na Gaeilge - Leas an Stáit
Eag: Breandán Mac Cormaic
Léachtaí an Fhóraim Díospóireachta.
Clúdach: - 2011.65 - 310lgh - 
Ceol na Sféar, Spharenmusik, Music of the Spheres
Matthias Politycki, Hans Christian Oeser,
Gabriel Rosentock
Cnuasacht filíochta ón Ghearmáin le leaganacha Gaeilge agus Béarla ina chuideachta sa leabhar aoibhinn seo.
Clúdach: Gabriel Rosenstock- 2011.62 - 188lgh - 
Lastar Coinneal
Dáithí Ó hÓgáin
Cnuasach dánta agus filíocht.
Clúdach: Conor Nolan- 2011.64 - 84lgh -

Ó Bhile go Bile
Máire Dinny Wren
Cnuasacht filíochta ó Ghaoth Dobhair.
Clúdach: Eimear Tummon - 2011.67 - 48lgh - 
GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED
Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: coisceim[a]dublin.ie
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar
Credit Card Order Form
Click the Image Below
SUÍOMH SNÁTHA 0879460075 TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

Bleachtaire na Seirce
Dairena Ní Chinnéide
Cnuasach filíochta úr ó Dhairena Ní Chinnéide. Daichead dán dáimhiúil dearfach domhain dáiríre de dhearcadh Dhuibhneach Dairena dathúil. Saothar álainn ag léiriú binneas blasta na dteangan ag insint dúinn faoi seilg na seirce ní ba shoithimhe ná mhothaigh tú id' shaol.
Clúdach: Tomás Ó Cíobháin - 2011.04 - 64lgh -
