Vir Ex Navi Cur chuige síoc-ainilíseach doimhneachta i leith phrós Phádraig Uí Mhaoileoin  Oisín Uibh Eachach
Vir Ex Navi
Oisín Uibh Eachach
Cur chuige síoc-ainilíseach doimhneachta i leith phrós mhórscríbhneoir na Gaeltachta, Pádraig Ua Maoileoin. 'Tá tréithe ar leith ag sícé na mban nach bhfuil ag sícé na bhfear, dar le Jung, agus is féidir, mar sin, go bhfuil tionchar ag mná ar sícé na bhfear'. Iniúchadh & coinceapa a phlé chun cur chuige critice atá oiriúnach do shaothair Pádraig Uí Mhaoleoin a nochtadh, le léargas a leathadh amach.
Clúdach: Tomás Ó Riain - 2012.31 - 180lgh - Deich Euro Ten Euro Dici Euro Peasos por favor

1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023 2024 Baile

2012
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

Bánaí is Báno Faoileán faoi lán seoil draíochta Íde Sionóid
Bánaí is Bánó Faoileán
Íde Sionóid
Clic Click Clúdach Cover


Scéilíní gleoite don aos óg. 3 diosca i dteannta an leabhar seo ar a bhfuil an t-údar ag insint na scéalta. Léigh agus éist leis na h-eachtraí draíochta tríd an aer i gcuideachta na faoileáin.

Clúdach: - 2012.03 - 182lgh - Cúig déag Euro Quinze Euro Fifteen Euro Foirm Ordaithe Clic anseo

 

Louis de Paor Rogha Dánta
Rogha Dánta
Louis de Paor
An Chnuasach. An Rogha. An rogha is treise de na dánta a scríobh Louis de Paor go dtí seo, cnuasaithe aige sa leabhar toirtiúil seo. Leabhar atá crua go leor le go bhféadfá tairne a tiompáil go domhain isteach i gcuaille adhmaid le cúpla buille uaidh. Tá an fheidhm céanna ag a chuid filíochta. Tagann brí casta agus croíúil na ndán aniar aduaidh ort, ag tiompáil doimh-neacht na mbriathar isteach sa mhéin, isteach sa chroí
Clúdach Crua: - 2012.02 - 310lgh -
Fiche Euro Vingt Euro Twenty Euro

 

 

 

 

Kila Kíla Records Liricí na n-Amhráin  Lyrics
Leabhar Foinn
Kíla
Leabhar staire atá anseo chomh maith le leabhar lán le foinn, nótaí ceoil & nodaireacht cheol Kíla. Maisithe leis na céadta íomhánna den mbanna cheoil ón míle-aois deirigh go dtí an lá atá inniu ann. Turas gleoite dóibh san arb' mhaith leo a ceol a aithris & cleachtadh.
Clúdach: Marcelo Biglia - 2012.00 - 200lgh - Triocha Euro Trente Euro Thirty Euro

 

 

 

 

 

 

Dánta agus Dánta Eile Colm Breathnach
'Dánta' Agus Dánta Eile
Colm Breathnach
Cnuasach dánta agus filíocht úr-nua. Roinnte i dtrí gcaibidil: - 'Dánta' - 'Agus' - 'Dánta Eile', mar atá sa teideal gódhealrach agus an chéad dán ann dar teideal 'Dánta' (ar ndóigh). Bailiúchán de 33 dánta duaithne macnúla a gclúdaíonn, ina measc, filíocht, leabhair, dúlra, cairde, cuimhní cinn, dán in ómóis Rory Gallagher, grá, an tAdamh Príomhúil fiú agus cúpla Haiku nádúrtha le snas a chur ar na rainn ann
Clúdach: Colm Breathnach - 2012.07 - 56lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro

Seán-Anna agus shenanigans na staire Gearóid Ó Cléirigh
Seán-Anna & Shenanigans na Staire
Gearóid Ó Clérigh
Turas feasa i gcéin is i gcóngar ag lorg aigne na mban agus na bhfilí. Cad as a dtagann an fhocal 'shenanigans'? Seán-Anna again? Tá scéal Seán-Anna (1691-1754) mar thús ar leabhar an tsaoir seo: leabhar atá ag boilgearnacht le nathanna agus nascanna stairiúla ag insint faoin dtionchar a bhí acu ar stair na hÉireann ón 17ú aois ar aghaidh. Leabhar láidir le fírinne crua na staire á léiriú . . . .
Clúdach: Cliodna Cussen - 2012.09 - 104lgh - Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Féilre 2012 Calender 2012 The year 2012 Sa bhliain 2012Feilire 2012 Calender 2012 bliain 2012 anné 2012
An Rapaire Muimhneach Pádraig G Ó Laighin
An Rapaire Muimhneach
Pádraig G. Ó Laighin
Seo léargas beo bríomhar ar na rapairí, dream fiáin dainséarach, a throid i gcoinne údarás Shasana & na Yeomen buí san óchtú aoise déag. Ba as imeachtaí na h-aoise roimhe sin a shíolraigh siad i dtús báire, réidh i gcónaí le teacht aniar ar na Gaill, go h-áirithe lucht Cromail. An rapaire Séarlas Ó Crualaoich dar leasainm Magua. Ba i ndiaidh 1691 go h-áirithe a tugadh 'rapairí' ar na buíonta sin. Fíor scéal stairiúil.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2012.10 - 64lgh - €7.50 Seven Euro Fifty Seven Fifty Euro Cost Price Praghas Luach Costas Cost Argent Cén Méid How Much

 

Sean, Nua agus Síoraíocht Feilscríbhinn in ónós do Dháithí Ó h-Ógáin Eagarthóirí: Ríonach Uí h-Ógáin, William Nolan, Éamonn Ó h-Ógáin
Sean, Nua agus Síoraíocht
Dáithí Ó hÓgáin
Leabhar mór tiubh le clúdach crua. Féilscríbhinn in ómós do Dháithí Ó hÓgáin. Curtha in eagair ag: Ríonach Uí Ógáin, William Nolan agus Éamonn Ó hÓgáin. Tá aistí ómóis anseo ó dhaoine cáiliúla, ina measc: Tadhg Ó Dúshláine, Liam Mac Mathúna, Anna Bale, Ciarán Ó Coigligh, Alan Titley, Jean-Michel Picard, Labhrás Ó Murchú, Dónall P. Ó Baoill, Anne Ó Connor, Fionnbarra Ó Brolcháin, Bo Almqvist, agus neart eile ag roinnt a saothar linn.
Clúdach Crua: Peter Mac Canney - 2012.08 - 246lgh -
Fiche Cúig Euro Vingt Cinq Euro Twenty Five Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ár Scéalta Treoir leabhar do sraith 1 do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí Seónaidh Ní Shíomóin
Ár Scéalta
Seónaidh Ní Shíomóin
Treoirleabar do: Sraith 1 d'Ár Scéalta do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí. Tá sé lán le leideanna léitheorachta agus teagaisc. Maisithe go gleoite ag Karen Dietrich. Is acmhainn fíor-thaitneamhach le h-úsáid é i dteannta an diosca a théann leis. Tá na 10 leabhair sa chéad sraith ar an diosca i bhfoirm PDF in oiriúint do chuile riomhaire agus teilgeoir pictiúr. Aois: 4 - 7 mbliain
Clúdach: Karen Dietrich - 2012.11 - 94lgh - AS CLÓ

 

 

 

 

Mé féin agus Liam Shakespeare Michael Mullen
Mé Féin agus Liam Shakespeare
Michael Mullen
Ar an bpointe, ó thús na scéala seo, tá an léitheoir sa 7ú aois déag, tús na h-aoise atá ann thart ar 1600, mar an phríomh-charaictear, John Heminges, atá an-cháirdiúil le Anne Hathaway, tugtar Anne Shakespeare uirthi anois. Súil isteach i bhfuinneog stair na linne i gcomhluadar chomh cáiliúil agus iad ar bóthar na smaointe. Ach, tá ceist eile á chur sa chúlra aige.
Arb
Caitiliceach é Liam Shakespeare?
- 2012.12 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Tréimhse Phromhaidh Neil Buttimer Testing Times
Tréimhse Phromhaidh
Neil Buttimer
Leabhrán faoin gcomhthéacs ina mbíonn ábhar á theagasc ar an 3ú leibhéil, na scileanna a theastaíonn don staidéar air agus na bealaigh a ndéantar an saothar céanna a mhaoiniú. Cad chuige nach bhfuil taobh na Gaeilge chun cinn sna scéimeanna maoinithe? Bíonn trácht fós i roinnt ollscoileanna ar 'Oidhreacht na Gaeilge'. Is deacair coincheap uileghabhálach mar seo a thuiscint ná a mhíniú, gan luí isteach air & í a chíoradh go mion. Nach cóir dúinn fás as an dTréimhse Phromhaidh?
Clúdach: Valerie Seery - 2012.14 - 118lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro

Goradh leis an nGréin Liam Hodder
Goradh Leis an nGréin
Liam Hodder
Cnuasach gearrscéalta an-bhríomhar do dhéagóirí.
An Seift, An Feitheamh, An Maor, An Deartháir,
An Máistir, An Léirsiú, An Hata, An Eitilt
. Scéalta eachtrúla, scéalta seiftiúla, cliste, stairiúil, suimiúil, atá oiriúnach d'fhoghlaimeoirí Gaeilge agus daltaí scoile freisin. Ní h-amháin ina leabhar ach ina chnuasacht scéalta chomh maith, ní h-amháin ina chunasacht scéalta ach ina leabhar chomh maith.

Clúdach: - 2012.15 - 88lgh - Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seán Ó Connor Rún na nGallán
Rún na nGallán
Seán Ó Connor
Scéal nua-aimsirthe do dhéagóirí agus léitheoirí fásta. Tá Paddy Murray ar iarraidh le 6 mí. "Creidimid gur cime é san anallód agus gan cead aige filleadh ón ré ama ina bhfuil sé." 100AD! Is am-taistealaí é René Balbac ar thóir an teangeolaí Gallaise. Cén cumhacht atá i línte gallán Charnach? Cén rún atá i bhfolach acu? Turasanna siar go h-aimsir na Táin, na Gallaisigh. Scéal grá chomh maith le scéal eachtrúil.
Clúdach: Seán O Connor - 2012.34 - 114lgh - €7.50 Seven Euro Fifty Seven Fifty Euro Cost Price Praghas Luach Costas Cost Argent Cén Méid How Much

 

Barr Top Haut suas up BARR
Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 


Mharaíodar Camila Gaeil i nGéin Tomás Mac Síomóin Asesinaron Camila Irlandeses de Ultramar
Mharaíodar Camila - Asesinaron Camila
Tomás Mac Síomóin
An dara leabhair sa sraith Na Gaeil i nGéin. Scríte i nGaeilge + Spáinnis. Ar an t8ú de Lúnasa 1848, i mBuenos Aries maraíodh Camila Ní Ghormáin, bean de bhunadh na hÉireann a bhí 20 bliain d'aois agus í ag iompar clainne. D'éalaigh sí le sagart óg, Uladíslao Gutiérrez, i mí Nollaig 1847, gníomh a sháraigh cód mórálta na hAirgintíne. Dhaor a athair agus an Ginearál de Rosas chun bháis iad nuair a gabhadh iad i nGoya. Theip ar na h-iarrachtaí uilig iad a shlánú ón mbás. Theip ar smacht Rosas i 1852.
Clúdach: Karen Dietrich - 2012.04 - 118lgh - AS CLÓ

 

 

 

 

 

1920 - 1939 Tagairtí Gaeilge i Nuachtáin an Stát  Seán Breandán Ó h-Uallacháin
Tagairtí Gaeilge i Nuachtáin an Stát
Seán Breandán Ó hUallacháin
Bailiúchán an-chuimsitheach, an-stairiúil ar fad. Cnuasach fairsing de na tagairtí Gaeilge sna nuachtáin; Freeman's Journal Irish Times, Irish Press (Scéalta Éireann) & an Cork Examiner sna blianta 1920-1939. Ar nós alt san Irish Press, 3ú Lúnasa 1936/lch.6 'Gaelicising of Garda' nó 'Lá sa Bhliain - Gan ach an Ghaedhilg do Labhairt' le Seosamh Mac Grianna (21/9/1932).
Clúdach: - 2012.13 - 334lgh - Deich Euro Dix Euro Dici Euro Ten Euro A Bargain at a Tenner

 

 

Jacques Godbout Galerneau Aistrithe go Gaeilge ag Iarla Mac Aodh Bhuí
Galarneau!
Jacques Godbout
Úrscéal fiúntach, tabhachtach, greannmhar a scríobhadh i gQuébec in am nuair a tháinig gluai-seacht láidir chun cinn sna 60dí, a d'éiligh cearta teanga do phobal a bhí faoi chois ar feadh cúpla céad bliain ag rialtas na Breataine. Seo an leagan Gaeilge de, dea-scríofa ag Iarla Mac Aodh Bhuí. Leabhar do léitheoir laethiúil. Bainfear sult as sruth láidir na scéala ó lá go lá. Salut Galarneau !
Clúdach: Colm Ó Snodaigh - 2012.18 - 112lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Thógamar le Gaeilge iad Brian Ó Broin ISBN 9780985171506
Thógamar le Gaeilge iad
Brian Ó Broin
Scéalta ó na dtuismitheoirí a thóg a gclann trí Ghaeilge sna 60/70dí. Na Teaghlaigh Gaelacha mar a bhíodh. Scéalta fosta ó; Muireann Ní Mhóráin, Denise O Leary, Pádraig Ó Duibhir, Muiris Ó Laoire, Máire Nic Giolla Phádraig, Iarflaith Watson, Peadar Mac Fhlannchadha, Niall Ó Murchú, Doireann Ní Ghríofa, Concubhar Ó Liatháin, Róisín Healy, Aengus Ó hAlmhain, Carmel Ní Chathláin, Mick Moriarty & Breandán Ó Caollaí.
Tuar Dúchais!
Tuar Dóchais! ISBN: 9780985171506
Clúdach: Cliodna Cussen - 2012.22 - 216lgh - Deich Euro Dix Euro Dici Euro Ten Euro A Bargain at a Tenner

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bláth's Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí Tríona Ní Shíocháin
Bláth's Craobh na nÚdar:
Amhráin Mháire Buí
Tríona Ní Shíocháin
Leabhar lán le h-amhráin Mháire Buí Ní Laeire, a rugadh ar Túirín na nÉan i 1774. Mhair sí ansin go dtí 1792 nuair a d'éalaigh sí le ceannaitheoir capaill ón Scibirín darbh ainm Séamus de Búrca. Tá diosca na n-amhráin ag dul leis an leabhar seo chomh maith. Leabhar béaloideasa, ceoil is amhráin, agus staire.
Clúdach: Lucy Boland - 2011.68 - 512lgh -
Cúig déag euro Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

An SCG agus Stádas na Gaeilge sa Bunscoil Seán Mac Sheáin - Mac Eochaidh
An S.C.G. & Stádas na Gaeilge sa Bhunscoil
Seán Mac Sheáin - Mac Eochaidh
SCG = Scrúdú le h-aghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge. Seo leabhar faoi stair oideachais iar-chéimithe a théann thar lear. Lorgaíonn sé na fáthanna go dtéann iar-chéimithe ó Éire chun na Breataine go bliantúil. Cad iad na h-impleachtaí a ghabhann leis i dtaobh múineadh Gaeilge? Taighde a dhéanann iniúchadh ar bhun- múinteoirí a oileadh thar lear agus comparáid idir stádas teanga agus cáiliú bhunmúinteoirí in Éirinn.
Clúdach: Siobhán Prut - 2012.27 - 212lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Cnuasach Focal as Oirialla Ciarán Dunbar Cúpla Focal as Oirialla A few words from Oriel
Cnuasach Focal as Oirialla
Ciarán Dunbar
Focail & cora cainte ó Ghaeilge Labhartha Oirialla na 20ú h-aoise. Cnuasach focail i gcrut foclóra. Na focail & a litríocht sa Ghaeilge, sa chainiúint áitiúil as oir-dheisceart Ard Mhacha, maraon leis an bhfoghraíocht atá ag dul leis. An míniú i mBéarla lena h-ais. Msh. 'Folcarnach - Flooding', 'Carántas - Friendship' 'Macan - Magpie', 'Úimigh - Prepare (for me)'. Liostáltar na foinsí as a thánadar fosta.
Clúdach: Tomaí Ó Conghaile - 2012.23 - 64lgh -€7.50 Seven Euro Fifty Seven Fifty Euro Cost Price Praghas Luach Costas Cost Argent Cén Méid How Much

 

 

 

 

 

 

 

Ifreann Agnar Artúvertin Gabriel Rosenstock
Ifreann
Agner Artúvertin
Dánta speisialta ó Agnar Artúvertin. File cumasach, cáiliúil, conspóideach ó na Scigirí (Oileáin Faró). 60 dán, ina measc; Cén Fáth sa Foc? Tá Focan Ocras Orm, Tromluí Móirfín, Thugas Buille sa Phus do Stróinséir, srl. móide 3 ghearrscéal; Ar an nGealach An Gadhar, An Gadhar Liteartha. Na leaganacha Gaeilge scríofa ag Gabriel Rosenstock. Sár-saothar!
Clúdach: Frankenstein (Mohsin Shafi) - 2012.20 - 88lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Seán Ó Tuama 1708-1775 ó Chromadh an tSubhachais Úna Nic Éinrí Milo Spillane
Seán Ó Tuama (1708-1775)
ó Chromadh an tSubhachais
Úna Nic Éinrí - Milo Spillane
Beathaisnéis an fhile Seaghan ua Tuama an Ghrinn, saolaíodh é sa bhliain 1708 i ndúiche Cromadh an tSubhachais i gContae Chorcaigh. B'í an fhilíocht, agus an teanga a d'iompair í, an cloch ba mhó ar phaidrín Uí Thuama. Seo h-é a scéal féin agus an dóigh a mhair sé, lena bhean céile Muireann. Mar bónas tá: Téacs na nDánta
Clúdach: Liam Flynn - 2012.17 - 352lgh - Cúigdéag Euro, Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

 

 

 

 

 

 

An Sguab 1922-1926 Liam Mac Peaircín
An Sguab 1922-1926
Liam Mac Peaircín
Nuachtáin a foilsíodh idir na blianta 1922-1926. Tugadh guth go h-iondúil sna nuachtáin Gaeilge don teannas a mhair idir dhá chultúr, Gaelchultúr agus ardchultúr nua-aimseartha an Béarla a bhí ar tí an cultúr traidisiúnta tuaithe, a bhí fréamhaithe in ithir an bhéaloideas, á shlogadh go cíocrach. Donncha Ó Raogáin, Pádraig Ó Cadhla, Éamonn Mac Giolla Iasachta, a bhunaigh An Sguab i 1922
Clúdach: An Sguab - 2012.19 - 144lgh - Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

 

Guthanna Beannaithe an Domhain Imleabhar 3 Gabriel Rosenstock
Guthanna Beannaithe an Domhain III
Gabriel Rosenstock
Filíocht bheannaithe ó chuile carn den Domhain. "Seo é anois é - anois díreach. Tosnaigh ag smaoineamh air agus caillfidh tú é". Huang Po. Breis le 200 dánta is haiku, bailliúchán de na fearsaí, fo-rainn agus véarsaí liath is bródaigh dá bhféadfá a léamh. Msh. Iomann don Ghrian, Do Sholas agam á lorg, Moladh Dé. Tá liosta na bhfilí le léamh le clic ar an íomhá ar chlé.
Clúdach: Cliodna Cussen - 2012.21 - 220lgh -€7.50 Seven Euro Fifty Seven Fifty Euro Cost Price Praghas Luach Costas Cost Argent Cén Méid How Much

 

 

 

 

 

 

An t-Ardeiriceach agus a chuid  Guillame Apollinaire Gabhán Ó Fachtna
An t-Ardeiriceach agus a Chuid
Guillaume Apollinaire (1880-1918)
Breis le 20 gearrscéal den scoth ó thús na h-aoise deiridh a foilsíodh i 1910 atá aistrithe go Gaeilge ag Gabhán Ó Fachtna. Scéalta bunaithe ar thaithí taistil an údair ó 1899-1910 agus na h-áiteanna ina raibh sé san Eoraip, tráth nuair a bhí an Eaglais Caitliceach & mór-impireachtaí na hEorpa i mbarr a réime. Msh. Ag dul trí Prág, Naipcín na bhFilí, Otmica, Trí Scéal faoi Phíonós Dé, Síomón Draoi
Clúdach: Margaret Mac Donald - 2012.24 - 184lgh - Deich Euro Ten Euro Dici Euro Peasos por favor
Trodaire na Treas Briogóide Colm Ó Labhra Egarthóir Mícheál  Ó hAodha
Trodairí na Treas Briogóide
Colm Ó Labhra Eag: Mícheál Ó hAodha
Scéal stairiúil faoi Óglaigh Tras Briogóide Thiobraid Árann, na trodaithe Poblachta a sheas an fhód go diagrasach i gCogadh na Saoirse. 'Ní in aistear atá ár gcuid fola á dhortadh ar son na hÉireann'. 1921 Chuir cath Sulchóide fearg ar na Gaill; chuir cath Chnoc Loinge sceon iontu. Bhí fuadar a millte is a mbasctha fé na hÓglaigh. Is ann seo atá an margadh leabhar is fearr gur féidir a fháil i mbliana. Eachtrúil!
Clúdach: - 2012.26 - 296lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro

 

 

 

Tí Stiofáin agus níos faide ó bhaile le Máire Uí Fhlatharta
Tí Stiofáin agus níos faide ó bhaile
Máire Uí Fhlatharta
Scéal mór ar fad é seo. Fréamhaithe i dTigh Stiofáin Neilí agus a scaipeann níos faide amach ó Bhaile Bharr an Chalaidh. Tugann an teideal leid dhúinn ar cé chomh leathan is a scaipeann na scéalta, na carachtair, na gaolta, na h-eachtraithe mhuinteartha a tharla san iarrthar, san oirthear, ó 1911 go 1918 fiú Aistear taistil, eachtúil a thugann léargas dúinn ar shaol fhairsing Gaelach scaipthe ar fud an domhain.
Clúdach: - 2012.29 - 168
Our Fada Rossa Ó Snodaigh & Mícheál Ó Domhnaill Foclóir Comhlitriúchán Cheal Fada A Fada Homograph Dictionary
Our Fada
Rossa Ó Snodaigh & Mícheál Ó Domhnaill
Tá líon na sínte fada ag ídiú sa litríocht leictreonach.
" Síne fada atá ag imeacht, níl leagan digiteach." Tá grúpaí beaga inmheánacha sa Ghaeilge, Cumann Cosanta na bhFleiscíní & Cumann Cosanta na Sínte Fada ina measc. Tá Cumann Cosanta na mBuailte buailte, sáraithe le h. Seo feachtas cosanta an síne fada.
Míniú ar na bhfocail atá litrithe mar an gcéanna ach go bhfuil, nó nach bhfuil, sínte fada ar na ngutaí.
Clúdach: Paul O Connor - 2012.30 - 100lgh - Deich Euro Ten Euro Dici Euro Peasos por favor
lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro

 

 

 

 

 

Fo Stiúir a Faire Máiri Nic Gumaraid agus Liam Prut
Fo Stiùir a Faire
Màiri Nic Gumaraid - Liam Prut
Cnuasach dánta ón Albain. Breis le 110 dánta i nGàidhlig agus na dánta céanna lena h-ais i nGaeilge le Liam Prut. Dánta álainn aoibheann ina bhfuil ceol á sheinnt in insint na véarsaí amach os ard. Comhardadh na mBard mar rímeanna deibhí le gluaiseacht gasta Gaelach. msh. Eadadh an Righ Bha sgeul ann air righ, duine gan brigh, a chaidh chun na faille, as aonais a lèine.....        An-deas !
Clúdach: Siobhán Prut - 2012.28 - 310lgh - Deich Euro Ten Euro Dici Euro Peasos por favor

 

 

 

An Strainséara Albert Camus Leagan Gaeilge le Diarmuid Ó Gráinne
An Strainséara
Albert Camus (
1913-1960)
l'Étranger (1942) aistrithe go Gaeilge ag Diarmuid Ó Gráinne. Gearrscéal atá fuinte snoite timpeall Meursault, ógfhear miangasach a bhfuil cónaí air i gcathair na hAilgéire agus a thugann grá don snámh is don ghrian. Is scéal in aghaidh an bhreith báis é seo, cibé an chroch, an gilitín nó an t-instealladh marfach; an áiféis mar théama lárnach ann agus mótíf na taisme go láidir tríd .... de bharr an ghrian.
Clúdach: Ailbhe Ó Maicín - 2012.32 - 136lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Ar an tSlí Abhaile Duanaire a Seacht (1966-1979)
Liam S. Gógan (1891-1979)
Dánta speisialta ó Liam S Gógan. File cáiliúil, file Gael agus ceannródaí. Seo an 7ú cnuasach uaidh. Bailiúchán de a lán dánta agus duanóga a bhí le cló i i 1979. Is i 2009 a tháinig sé chun solais arís. Curtha in eagar go bródúil ag Fidelma Ní Ghallchóir. Is luathdhánta de chuid an Ghóganaigh iad cuid de na dánta sa chnuasach seo, rud a bhí le sonrú ar an litriú agus ar ghnéithe áirithe gramadaí.
Clúdach: Johnny Gogan - 2012.37 - 80lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty
Ar an tSlí Abhaile Ar an tSli Abhaile Duanaire a seacht (1966-1979) Liam S. Gógan Eagraithe ag Fidelma Ní Gallchobhair

 

Miorúilt an Chleite Chaoin Liam S. Gógan Eagraithe ag  Louis de Paor
Míorúilt an Chleite Chaoin Rogha Dánta
Liam S. Gógan - Eag: Louis de Paor
Cnuasach mór filíochta an Ghóganaigh ó 1919 go 1979. Curtha in eagar go bródúil ag Louis de Paor le réamhrá fada fairsing ar a shaol agus a shaothar. Ina theannta san tá diosca ag dul leis, ar a bhfuil na bun-leaganacha des na cnuasaigh filíochta diofrúla a cuireadh i gcló sa tréimhse céanna; díreach mar a bhíodar ag an am - i gcló ársa na nGaeil. Seoid spéisiúil, stairiúil agus an-speisialta go deo.
Clúdach: Valerie Seery - 2012.33 - 190lgh - Cúigdéag Euro, Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

 

Tandem Neljale Tandem For Four Teaindim Ceathrair Kritina Ehin, Andres Ehin, Ly Seppel, Elisa Ehin, Leagain Gaeilge Aogán Ó Muircheartaigh Béarla le Ilmar Lehptere
Tandem Neldale / Teaindem Ceathrar
Kristiina Ehin / Aogán Ó Muircheartaigh
Cnuasach filíochta trí-theangach; Éastóinis, Gaeilge agus Béarla. Rinne Kristiina Ehin an leabhar seo a chríochnú dá n'athair Andres a ghlac páirt mór sa leabhar, ach a d'éag 10/12/11, sular foilsíodh é. Ar dheis Dé atá a h-anam. Leagan Gaeilge de na dánta le Aogán Ó Muircheartaigh agus an Béarla le Ilmar Lehtpere. 45 dánta an-spéisiúil ar fad ó thír i gcéin.
Clúdach: Elisa Ehin/Diego Almeyda - 2012.05 - 174lgh - Cúigdéag Euro, Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

 

 

 

 

 

Slán le hÉireann Dánta Imircigh Mícheál Ó hAodha Luimneach
Slán le hÉireann (Dánta Imircigh)
Mícheál Ó hAodha
Cnuasach mór filíochta a shíneann na braiteoga fada isteach i gcroí-lár an uaignis. Cad é sin a mbeadh sna mothúcháin brónach & na smaointe olagónach; agus d'fhiachadh ar dhuine a thír a thréigint? Ceisteanna agus freagraí ar fhadhbanna an imirce agus an t-inimirce agus muid fós inár dtaisteal go siúd.
Clúdach: - 2012.36 - 82lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

 

 

 

 

 

 

 

ISBN 9771473968012 Samson Brian Ó Gráinne 9771473968012 Scéal Mac Tíre
SAMSON
Brian Ó Gráinne
Gearrscéal iontach bríomhar agus eachtrúil atá oiriúnach don aos óg agus d'fhoghlaimeoirí fosta. Ba é Samson an huscaí mór cróga a rinne tártháil ar Tom Crean agus a chomráidí a bhí sáinithe ar leac oighir na mara sa Mhol Theas i 1912, an tráth céanna a cailleadh Captain Scott. Anois agus iad ina gcónaí in Abhainn na Scáil tá an deis againn an scéal a chlos ó SAMSON é féin. Wuff! Wuff!
Clúdach: Áine Ní Ghráinne - 2012.25 - 50lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

Na Donnghailigh Dubha Brian Ó Baoill
Na Donnghailigh Dubha
Brian Ó Baoill
Úrscéal staire atá bunaithe ar fhíoreachtraí a thárla do dhaoine a chuaigh ar imirce as Tiobraid Árainn go hOntario sa 19ú aois. Tá ainmneacha na ndaoine féin sa leabhar, agus a sliocht fós beo sa chuid sin d'Ontario. Tá suim an-mhór sna h-eachtraí seo i gCeanada i gcónaí; tá leabhair scríofa, scannán déanta agus líon mór grianghraf ar fáil. Is é seo an chéad leabhar i nGaeilge fúthu. Don fhoghlaimeoir.
Clúdach: Brian Ó Baoill - 2012.41 - 136lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

Ar an dTraein ó Thuaidh  Dónal Murray
Ar an dTraein ó Thuaidh
Dónal Murray
Scéal fíor-spéisiúil ar an stair ag cur síos ar theacht na n-iarnróid Ultaigh i lár an 9ú céad déag. Fás is Bás na línte taisteal agus na comhlachtaí difriúla a mhair tríd an iomaíocht chuig an aois deiridh. Bóithre Iarainn ar nós: Doire go Loch Súilí, Gleann an Chlochair, Baile an Chaistil, Baile Meánach agus maisithe le neart grianghrafanna de na h-innil traenach a mbíodh ann sa tsean-ré úd
Clúdach: Valerie Seery - 2012.42 - 72lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

 

 

 

 

Scéal agus Dán Oileáin Mícheál de Mordha  Oidhreacht An Bhlascaod Mór
Scéal agus Dán Oileáin
Mícheál de Mórdha
Scéal fairsing, eolach béaloideasa faoi stair, cultúr, oireacht, bunadh agus tréigeadh An Bhlascaod Mhóir. Sa bhliain 1953 bhog an méid a bhí fágtha de phobal/muintir an Bhlascaod Mhóir, le cabhair ó Choimisiúin na Talún, amach leo agus chuireadar futhú i measc muintir Dhún Chaoin. Cén saghas daoine a b'iad? Seo foinse; seo an tobar is fearr fúthu
Clúdach: - 2012.44 - 640lgh - AS CLÓ

 

 

 

Pincí sa Ghaeltacht Áine Uí Fhoghlú scéal do dhéagóirí agud foghlamóirí
Pincí sa Ghaeltacht
Áine Uí Fhoghlú
Gearrscéal bhreá do dhéagóirí & foghlaimeoirí fásta faoi dhéagóir óg, Pincí, de bharr a gruaig bán-dearg Í curtha i measc Gaeilgeoirí Choláiste Samhraidh Chluainn Aitinn sa Ghaeltacht le beagán Gaeilge ar feadh 3 mhí. Scéilín so-aitheanta ar ár gclutúr nua, an t-aos óg, mar a bhíomar uilig sa ghaeltacht tráth. Ach an ndeachaigh Pincí abhaile le 'oui, oui, oui ...'
Clúdach: Valerie Seery - 2012.35 - 64lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

Ó Fhocal go Focal Delores Stewart
Ó Fhocal go Focal: ceárta na filíochta
Delores Stewart
Téigh ar tóir focal comhuasal, comhthiomsaitheach atá á lorg le líne dán a threisiú. Tá an leabhar seo ar nós Stórchiste focail don bhfile. I measc na leaganacha éagsúla de na mílte mílte foclaí tá nathanna is ranna cainte agus seoda teanga le feiceáil chomh maith le filíocht nádúrtha na gnáth-chainte. Seasann an chnuasach seo leis féin i measc na bhfoclóirí eile. Téasárus don bhFile.
Clúdach: John David Stewart - 2012.43 - 248lgh -
AS CLÓ

 

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

Gleann an Bhaile Dhubh Mícheál Mac Giolla Easpuic Cill Cartha Dún na nGall
Gleann an Bhaile Dhuibh
Mícheál Mac Giolla Easpuic
Téigh ar turas na Gleanna - turas staire, béaloideasa scéalaíochta, tríd an gleann is áille i gceantair Cill Chartha, deisceart Thír Chonaill. Leabhair iontach suimiúil a gcuire éinne dar mian leo spéis ann & a mbronnfaidh cuid mhaith eolas faoin dúiche galánta úd, nár tuigeadh a raibh tábhachtacht duit nó de dhíth ort fiú, ach nach mór é an beagán & is mó atá sa leabhar seo don bheagán. Seoid í, gan dabht!
Clúdach: M. Mac Giolla Easbuic - 2012.50 - 248lgh -
Cúig déag euro Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

Féilire 2013 Calander 2013 Calandre
FÉILIRE 2013
Cliodna Cussen
Féilire 2013! É maisithe go gleoite le léaráidí i stíl cháilíúil Pamela Leonard. Istigh i dteannta na míosa tá tuar na gealaí & dánta oiriúnach ó phinn; Siobhán Ní Shíthigh, Dairena Ní Chinnéide, Seán Hutton, Stiofán Ó Cadhla, Antaine Ó Donaile, Máire Wren, Dáithí Ó hÓgáin, Louis de Paor & Cliodna Cussen.
Clúdach: Pamela Leonard - 2012.40 - 16lgh - Cúig Euro Cinq Euro Cinque Euro Cinqo Euro Only a fiver! Itsa flippin' bargain . .

 

 

 

 

Dulasair Doireann Ní Ghríofa Irish Poetry Dánta Filíocht
Dúlasair
Doireann Ní Ghríofa
Dúlasair! An í An Tine Bheo nó an iad Na Lasracha Dubha nó Smúite an bhrí atá inti? Seo splanc de chnuasach nua lasrach de 55 dánta den fhilíocht is blasta fós uaithi. Tá an bailiúchán suaitheanta seo roinnte i dhá chuid. Mar thús - sa chéad chuid, tá Putóga Portaigh agus á leanúint tá Mósáic (de dhánta) sa dara cuid. Doireann - teilgeoir na ndánta.
Clúdach: Maura Satchell - 2012.46 - 64lgh - Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

 

 

 

Brú fá Thír Padhraic Ó Láimhín Cnuasacht filíochta Gaelic poetry
Brúth fá Thír
Pádhraic Ó Láimhín
Cnuasach breá filíochta. An 5ú bailiúchán! Breis le 40 dánta den fhilíocht is lonnraí is faobhraí dá léafá riabh. Tagan brúth fá thír isteach le taoide. Níl ann ach dríodar na farraige á chaitheamh isteach ar thrá. Is minic seoda beaga fiosracha do shiúlóirí cladaigh sa mbuth céanna. Tá an Bruth fá Thír seo plódaithe le seoda beaga fiosracha idir an dhá chlúdach. Dóibh siúd atá ag strachadh le foghlaim na Gaeilge
Clúdach: Pádhraic Ó Láimhín - 2012.49 - 56lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

Mac na hEabhraí Breandán Ó Doibhlin Íosa Críost Jesus Christ
Mac na h-Eabhraí
Breandán Ó Doibhlin
Is é Íosa, 'Mac na hEabhraí', an duine is mó a bhfuil trácht air i stair an domhain mhóir. Beagnach trian den chine daonna, maíonn siad gaol air, ar bealach amháin nó bealach eile. Níl teora leis an líon daoine ar spéis leo a phearsantacht. Cén méid eolas atá againn ar a shaol? Cén fáth gur daoradh chun báis é? An ar na Rómánaigh a bhí an fhreagracht? Arbh é i ndáiríre a bhí ina fhondúir ag an críostaíocht?
Clúdach: Maura Satchell - 2012.51 - 64lgh -Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

Tinte Cnámh ar Lasadh Pádraig G Ó Laighin  Scéal ar chrógacht na hÉireannaigh Aontaithe i 1798  United Irishmen 1798
Tinte Cnámh ar Lasadh
Pádraig G. Ó Laighin
Gearrscéal, suntasach eachtrúil, stairiúil, 1796 tráth na nÉireannach Aontaithe & na Rapairí i gCúige Mumhan sna blianta gairid go dtí 1798. Scéal na catha i Maigh Shalach. Tiarna na Bandan & na h-Oráistí cruálacha; Seán Buí & a choiste martial law ag imirt cos ar bolg. Ba iomaí gort arbhair is prátaí nár baineadh an tráth úd; a mbuíochas san don iliomad spiairí, feallairí is brathadóirí a sceith ar a gcomharsana. An Tine Bheo!
Clúdach: Valerie Seery - 2012.47 - 56lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

 

 

 

 

1916 Macallaí na Cásca 8  Mícheál Ó Mealláin le Séamus Ó Mealláin Eagrithe ag Aindrias Ó Cathasaigh 1916
Mícheál Ó Mealláin
Séamus Ó Mealláin
An t-ochtú leabhar sa sraith Macallaí na Cásca, curtha in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. Gearr-scéal ar treanáil na hÓglaigh a mbíodh ar siúil sa tig acu faoi stiúir Con Colbert ina measc. Sraith altanna a scríobh Séamus Ó Mealláin faoi stair clainne agus eachtraí a bhain lena h-athair, Mícheál Ó Mealláin, a rugadh ag deireadh na bliana 1874 agus a chuir na Sasanaigh chun báis roimh scuad lámhaigh 8ú de Bealtaine 1916
Clúdach: Mícheál Ó Mealláin - 2012.55 - 48lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

Amón Rá Víktor Pelévin Aistrithe go Gaeilge ag Mark Ó Fionnáin
Amón - Rá le Víktor Pelévin
Aist: Mark Ó Fionnáin
Ní raibh cladhairí riamh acu i nDíormá na Spásairí. Úrscéal ar eachtraí Amóin agus é ag fás aníos sa Rúis. Amón sa Scoil Chosmach, ansin é ar thuras chun na gealaigh sa roicéad ollmhór lena chomrádaithe. Díma, le dhá bhliain i Roinn na Roicéad Straitéiseach aige, sa modúl gealaí Lúna-17B leis go dtuirlingíonn sé ar an ngealach. Amón ag taisteal thart sa chairt gealaí. Ach! Níl slí abhaile aige. Eisíodh gunnán le piléar amháin dó
Clúdach: Valerie Seery - 2012.48 - 142lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

An Guth 7 Duanaire Gaeilge - Gaidhlig  Rody Gorman
AN GUTH 7
Eagarthóir: Rody Gorman
Seo an 7ú leabhair sa sraith An Guth. Duanaire filíochta Gaeilge / Gàidhlig. Bailiúchán cumasach de dhánta ó 40+ filí as Erin is Alba. Filíocht faiseanta atá so-léite bríomhar, measctha le dánta grá, saolta agus nádúrtha. Moràn Taing do Rody Gorman as ucht a chumas eagarthóireachta agus é ag carnadh saothar nua na nGael. Dorn san aer ar son na Gaeil ag dul dó! Na filí Gaeil - Ceilteach abú! .
Clúdach: Valerie Seery - 2012.53 - 142lgh -Deich Euro Dix Euro Dici Euro Ten Euro

 

 

 

 

 

 

 

Tarraing na Cuirtíni, a Dhochtúir!  Stiofán ÓCadhla Cnuasacht filíocht Irish Poetry Gaelic poetry
Tarraing na Cuirtíni, a Dhochtúir!
Stiofán Ó Cadhla
Cnuasacht filíochta a bhuaigh Duais Oireachtais i mbliana. Bailiúchán de 29 dánta drannta ag insint scéal ar chuile ní. Siopadóireacht, pisreoga, an nádúr, i. Lus an Chrom Chinn, Na Blianta Bána, agus bráca na h-ainnise duairc le brath sna dánta ómóis dona chlann agus dánta i gcuimhne a chairde dhílis a spreag ann an t-ionspioráid iad a scríobh.
Clúdach: Antonia O Mahony 'Hag Hiding a Young Woman' (2011) - 2012.52 - 68lgh - Ocht Euro Huit Euro Eight Euro
Damhsa le Bríd Dáibhís  an tSiúir Fionntan
Damhsa
Bríd Dáibhís
Cnuasach filíochta nua ón tSiúir Fionntáin. An 3ú cnuasach léi, Cosán na Gréine (1989) agus Tráithnín Seirce (1999) an dá leabhar roimhe. 57 dánta síolaithe ón nádúr, ón gcreideamh, ón bhFlaitheas. Dánta faiseanta ar nós Damhsa a thugann an teideal don leabhar - I San Pietro, Buíochas, Duais an tSóláis, Mí-Shuaimhneas, agus go leor eile le tú ar chur ar do shuaimhneas
Clúdach: - 2012.57 - 68lgh - Ocht Euro huit euro ocho euro eight euro

 

 

 

 

 

 

 

 

Gaeil faoi Bhratach Eureka
Gaeil Faoi Bhratach Eureka
Mícheál de Barra
Éirí amach Eureka Stockade san Astráil 1854. Seo scéal na nGael a bhí ann ag an am. Bhí ról lárnach ag Éireannaigh i bhforbairt & i bhforás na hAstráile. Is ar an 3ú Nollag 1854 a sheas na mianadóirí ór gualainn le gualainn le pící á gcosaint féin i gcoinne ionsaithe ó 300 saighdiúirí is póilíní rialtas Victoria. Tá na h-ainmneacha uilig ann. Seo fianaise cruinn eachtrúil stairúil ar an sléacht a rinneadh orthu.
Clúdach: Olivia Golden - 2012.54 - 304lgh - Dódhéag Euro Caoga Cent Douze Euro Cinquant Cent Twelve Euro Fifty Cent
Cros na Sceilge Sceilg Mhichíl
Cros na Sceilge
Seán Mac Mathúna
Gearrscéal do dhéagóirí, foghlaimeoirí & éinne eile ar bhreá leo úrscéal iontach eachtrúil. Láithreach bonn tá an léitheoir i lár an eachtra. Lonnaithe sa 9ú aois in Éirinn, tá ar beirt óg turas fada dainséarach a dhéanamh ón Loch Uachtarach chuig Sceilg Mhichíl i gcurrach thar sáil. Ach, tá na Lochlannaigh ag faire ó long fhada na mara - réidh le h-ionsaí. An bhfuil dídean ar an Sceilg i measc na manaigh?
Clúdach: Domhnall Ó Bric - 2012.56 - 72lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

 

 

 

 

Gaoth na Cuimhne Máirtín Ó Corrbuí
Gaoth na Cuimhne
Máirtín Ó Corrbuí
Bunaithe ar eachtraí le linn a h-óige nuair a bhí Cogadh na Saoirse i gcoinne na naimhde barbartha Dúchrónaigh Sacsain á throid; na ruathair gránna a rinneadar ar na teaghlaigh & an greadadh a thug na hÓglaigh dóibh. Seo a scéal mar dhéagóir, 16 ag an am, fear óg dána ag fás suas i measc na troda. Súil siar ar ré arb mhaith leo a bheith dearúdtha ach atá fós i gcuimhní Gaeil. Ceann de scéalta claisiceach ó 1958. Fíor taitneamhach eachtrúil.
Clúdach: Bláithín Nic Chnáimhín - 2012.62 - 152lgh - Seacht Euro Caoga cent Sept euro ey cuinquante cents seven euro and fifty cents

 

An Teachta Dála agus Scéalta Eile le Brighid Uí Mhonacháin
An Teachta Dála agus Scéalta Eile
Brighid Uí Mhonacháin
Cnuasach de cúigear déag de ghearrscéalta. Scéalta grinn, binn, blasta, an-sásúil - gan eisceacht.
An Teachta Dála, An Cailín Rua, An Spideog,
An Plástrálaí, Cor i gCaidreamh, Féileacán Fomhair Alison, Segovia, Maeve & Marion, Conall Coinín, Comhbhrón Neamhbhalbh, Cumarsáid, GYP,
An Hata Dubh Leathanduilleach, Sophie.

Clúdach: - 2012.61 - 68lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

An Bailbhe i Lár An Bhladair Alan Titley Léachtaí an Fhóraim Díospóireachta: Iml. 3 "Léacht Nollaig Uí Ghadhra
An Bailbhe i Lár an Bhladair
Alan Titley
Léachtaí an Fhóraim Díospóireachta: Iml. 3. Bailbhe, an ciúnas sin timpeall an Gaeilge i measc an phobal. Seo aiste bunaithe ar Léacht Nollaig Uí Ghadhra a thug an t-Ollamh Titley. Is trí spéaclaí Béarla a chítear stair na hÉireann agus neamart nach mór sna foinsí Gaeilge. Ba cheart do dhuine stair na hÉireann a scríobh as foinsí Gaeilge. Sin a mholann sé! Scríte ina stíl mórthaibhseach féin. Seo radharc eile . . . . .
Clúdach: - 2012.45 - 28lgh - Cúig Euro Cinq Euro Cuig Five Euro A Fiver! That's a bargain . . . Gimme !

 

A Ghaeil - Cabhraigh leis na Gaeil !

 

 

Ó Rinn go Sáil a dó Diarmuid Ó Gráinne
Ó Rinn go Sáil 2
Diarmuid Ó Gráinne
Dialann tuaithe ó mí na Samhna 2010 go Bealtaine 2011. Chuir an file Meiriceánach Loren Eiseley go paiteanta é nuair a chan; "One could not pluck a flower without troubling a star". Tá scéalta fíor-greannmhar sa chnuasach dialainne gealgáireach seo. Tá sé lán-dáiríre chomh maith, bhuel sin cad a meastar, agus níl sé ag cur as do réalt ar bith. Leabhar taitneamhach.
Clúdach: Velerie Seery - 2012.60 - 96lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty Uimh 1, 3

 

Scáthlán bus Ciarán Ó Dornáin
Scáthlán Bus
Ciarán Ó Dornáin
Úrscéal Urbach! Suite thart ar scáthlán bus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Seo a scéal mar chathair á Ghaelú le linn na próiséis síochána. Is iomaí eachtra a thrasnaidh an scáthlán úd ón lá a suiteáladh ann é. Tá léargas fíor-taitneamhach, atá an-éasca le léamh, tugtha dúinn ar an athrú aeráide atá i mBéal Feirste anois. Ar nós an cath reatha idir an gComhairle is na Gaeil ar theidil an mbosca bruscar - Bruscar nó Litter.
Clúdach: - 2012.59 - 72lgh - seacht euro caoga cent sept euro cinquante cent seven euro fifty

 

 

 

 

Eachtraí Oscair agus Aoife le Brian Ó Baoill agus Oisín Ó hEartáin leabhar do dhéagóirí
Eachtraí Oscair & Aoife
Brian Ó Baoill & Oisín Ó hEartáin
Scéal eachtrúil dhraíochta do léitheoirí os cionn 9 mbliana d’aois. Leabhar é seo a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas Ficsean do Dhaoine Óga in Oireachtas 2011. Ag leanúint leis an ngaiscaíocht cróga in IONSAÍ (2009). Tá Conán curtha chuig an tOileán Dorcha ag Feargus an Rí - píonós orthu san a d’éirigh amach ina choinne is a rinne iarracht é a mharú. Ach tá Aoife gafa ag na Fomhóraigh agus Arm na Marbh ag bagairt ionsaí ar Éireann arís. Beidh ar Oscar a dhraíocht iomlán a úsáid chun í a shlánú agus dul i ngleic le naimhde Éirinn.
Clúdach: Oisín Ó hEartáin - 2012.39 - 104lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro
Ceiliúradh an Bhlascaod 14 Jonathan Millington Synge
Ceiliúradh an Bhlascaoid 14
Johnathan Millington Synge
An 14ú leabhar sa sraith cháiliúil stairiúil seo. Curtha in eagair ag Mícheál de Mórdha. Seo cuir síos anseo ar chuairt JM ar an oileán nuair a bhí sé 34 bliain d'aois agus an tionchar a bhí aige air - nó is féidir Synging the Blaskets a chuir air. Tá roinnt grianghrafanna a ghlac sé ar an oileán agus den muintir faoi chaibidil anseo chomh maith.
Clúdach: An Bhlascaod Mór - 2012.58 - 182lgh - Deich euro Dix euro Dici euro Ten Euro

 

 

 

An Barr Bua Pádraic Mac Piarais Eagraithe ag Aindrias Ó Cathasaigh
An Barr Bua
Pádraic Mac Piarais
Chuir Pádraic Mac Piarais tús le páipéar nua Gaeilge An Barr Buadh i 1912. Bhí Gaeil aitheanta ag scríobh don pháipéar. Ina measc: Éamonn Ceannt, Tomás Mac Domhnaill, Eoghan Ó Ceallaigh, Cathal Ó Seanáin, Eamonn Ceannt agus Peadar Ó Maicín. Tá An Barr Bua sa leabhar seo ina iomláine. "An Barr Bua is the smallest and newest, but the bravest and ablest of Irish newspapers." 1912
Clúdach: Aindrias Ó Cathasaigh - 2012.63 - 248lgh -
Cúig déag euro Quinze Euro Fifteen Euro

 

 

 

 

 

 

 

Barr Top Haut suas up BARR

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GACH CEARTA Á CHOSAINT. NÍL CEAD AON CHUID DEN FHOILSEACHÁN SEO A ATÁIRGEADH, A CHUR I GCOMHAD ATHFHÁLA, NÁ A THARCHUR AR AON MHODH NÁ SLÍ, BÍODH SIN LEICTREONACH, MEICNIÚL, BUNAITHE AR FHÓTACHÓPEÁIL, AR THAIFEADADH NÓ EILE, GAN CEAD A FHÁIL ROIMH RÉ ÓN FHOILSITHEOIR NÓ ÓN tÚDAR.
ALL RIGHTS PROTECTED

Eolas faoi imeachtaí Choiscéim - Seoltaí Leabhair - Leabhair Nua - Seol e-phost chuig: coisceim[a]COISCEIM.IE.ie   
BÍ AR AN EOLAS ! BÍ AR ANLIOSTA !

An Siopa Leabhar Celtic Bookshop Irish Books Irish Bookshop Irish Bookstore Siopa Leabhar Gaeilge Irish Books Livre Irlandais Libero d'Irlanda Leabhar i nGaeilge
Cárta Creidmheasa?
Clic ar An Siopa Leabhar

Credit Card Order Form
Click the Image Below

 

This link kills spam
SUÍOMH    SNÁTHA    0879460075    TEANGANAGAEILGE[a]VODAFONE.IE

Coisceim Leabhair Ghaeilge Irish Language Books Priomh Foilsitheoiri na Gaeilge